Is polaiteoir Éireannach é Síomón Ó Cómhanaigh nó Simon Coveney as Béarla (ar 16 Meitheamh1972 a rugadh é). Is Teachta Dála agus ceannaire tánaisteach ar Fhine Gael é.
Chaith Coveney 13 bliain in aireachtaí rialtais agus cuimhneofar go speisialta ar an ról a bhí aige mar Aire Gnóthaí Eachtracha le linn chainteanna an Bhreatimeachta.[1]
Gairm
Cuireadh oideachas air freisin i gColáiste Choill Chluana Gabhann[2], i gContae Chill Dara; agus ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus ar Choláiste Talmhaíochta an Ghoirtín, i gCo. Thiobraid Árann. Tá B.Sc. i dTalmhaíocht agus i mBainistíocht Talún ón gColáiste Talmhaíochta Ríoga, Gloucestershire aige. [3]
Toghadh chun na Dála é den chéad uair i 1998 i bhfothoghchán. Toghadh chuig Parlaimint na hEorpa é in 2004 áit a raibh sé ina bhall den ghrúpa EPP-ED. Bhí sé ina bhall de Choiste Gnóthaí Eachtracha Pharlaimint na hEorpa agus den Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint Tomhaltóirí agus bhí sé ina chomhalta ionaid ar an gCoiste Iascaigh. Ba é an tUasal Coveney údar Thuarascáil Bhliantúil Pharlaimint na hEorpa ar Chearta Daona sa Domhan don bhliain 2004 agus arís don bhliain 2006.[3]
Bhí sé ina bhall de Chomhairle Contae Chorcaí agus de Bhord Sláinte an Deiscirt ó 1999 go 2003.
Aire
Bhí sé ina Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara (2011-2016), ina Aire Cosanta (2014-2016) agus ina Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil (2016-2017).
Bhí sé ina Aire Gnóthaí Eachtracha (2017-2022) agus ina Aire Cosanta (2020-2022). Idir mí na Samhna 2017 agus mí Meitheamh 2020, bhí oifig an Tánaiste aige chomh maith.[3]
Mar Aire Gnóthaí Eachtracha agus comhchathaoirleach leis an Státrúnaí Caomhach, Julian Smith, d’athbhunaigh siad Stormont i mí Eanáir 2020 tar éis trí bliana d’fholús. Ina theannta sin ba é an tAire a bhí freagrach as an obair throm leis an Aontas Eorpach chun teorainn chrua de bharr an Bhreatimeachta a sheachaint. Ba mhó an meas a bhí ag an tromlach frith-Bhreatimeachta ar shaothar Coveney.[4]
Ceapadh Coveney ina Aire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta sa bhliain 2022.
D'éirigh Coveney as a chuid cúramaí mar aire i mí Aibreáin 2024. Bhí an tuairimíocht ann ag an am go ndearna Coveney an cinneadh mar gur bhraith sé nach n-ainmneodh ceannaire Fhine Gael, Simon Harris, é nuair a d'athraigh sé na hairí sa Rialtas.
TD
Is é Corcaigh Lár-Theas an dáilcheantar ina bhfuil Simon Coveney ina Theachta Dála ó 1998 tráth ar éirigh leis suíochán a athar a bhuachan i bhfothoghchán. Fuair a athair, Hugh Coveney (1935 – 14 Márta 1998) bás tobann nuair a thit sé le haill.[5][6]
In 1998, bhí Coveney mar cheann de na Teachtaí Dála is óige de chuid Fhine Gael. Idir 1998-2011, bhí scáth-aireachtaí aige sna réimsí seo a leanas: Drugaí agus Gnóthaí Óige; Cumarsáid, Mara agus Acmhainní Nádúrtha; Iompar agus Muir.[7]
Bhí Coveney ina chathaoirleach ar Choiste Forbartha Beartais Fhine Gael, roimh Olltoghchán 2011.
Is é Corcaigh Lár-Theas an dáilcheantar ina bhfuil Coveney ina Theachta Dála. D'éirigh an dáilcheantar thar a bheith iomaíoch sna 2020idí, dáilcheantar ina bhfuil an tAire Airgeadais Micheal McGrath (FF) agus an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha, Micheál Martin (FF) chomh maith le Donnchadh Ó Laoghaire (SF).[1]
Nuair a ceistíodh Coveney i dtaca le bheith san iomaíocht don chéad olltoghchán eile (in 2024/2025) dúirt sé nach raibh a intinn socraithe ina thaobh sin go fóill.[1]
Pearsanta
D’imir Coveney rugbaí do Gharraí Eoghain, Bunreacht Chorcaí agus Club Rugbaí Bun an Tábhairne.
I 1997/8 bhí sé i gceannas ar an "Tionscadal Seolta Chernobyl" a bhain le seoladh 30,000 míle timpeall an domhain ar son carthanachta.[7]
Tá baint i gcónaí ag Coveney le feirm teaghlaigh a reáchtáil i gContae Chorcaí.[7]
Tá Coveney pósta ar Ruth agus tá cónaí orthu i gCorcaigh lena dtriúr iníonacha.