Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do cheantar Mhaigh Eo é Dara Calleary (a rugadh ar an 10 Bealtaine, 1973). Bhí sé ina Aire Stáit sa Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ó 2009 go dtí 2011, agus arís sa bhliain 2022. Bhí an Teachta Calleary ina ina Aire Stáit i Roinn an Taoisigh, ina Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, ina Phríomh-Aoire agus ina Aire Stáit do chúrsaí Gaelachta, Gaeilge agus Spóirt chomh maith.[1]
Sheas sé san Olltoghchán 2016 agus toghadh é le 14.8% de na vótaí céad rogha. Bhí roinnt rólanna éagsúla aige sa Rialtas le linn an ama sin.
Sa bhliain 2022, bhí Calleary ceapaithe ina Aire Stáit sa Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta in áit Robert Troy. Bhí Calleary mar rogha na coitiantachta chun teacht i gcomharbacht ar Troy.[1]