Bhí Hogan ina AireComhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil ó 2011 go dtí 2014.[1] D’fhógair an t-aire sa bhliain 2013 go gcuirfí tús le lonnú méadar uisce taobh amuigh de thithe in 2013, agus go ngearrfaí táillí ó 2014.[2]
Theip go dona ar a phlean. Dúirt Hogan i 2014 nár thuigeadar cé chomh goilliúnach gortaithe a bhí daoine faoi chiorruithe agus táillí uisce agus maoine agus ciorruithe eile déine.[3]
Sa bhliain 2019, ceapadh mar Choimisinéir Trádála é faoi stiúir Ursula von der Leyen.
An bhliain dár gcionn, bhí Hogan éirithe as a phost mar Choimisinéir Trádála an Aontais Eorpaigh mar gheall ar an gconspóid faoin gcuairt a thug sé ar Éirinn i Lúnasa 2020[5]. Dúradh gur sháraigh sé treoirlínte Covid-19 an Rialtais nuair a bhí sé in Éirinn.
Tagairtí
↑"Phil Hogan" (ga). An Coimisiún Eorpach (2019-11-11). Dáta rochtana: 2020-08-27.
·Cló Iodálach = Ceannairí na bPairtithe Trom = Airí
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.