23 bhiana d'aois a bhí Joe Carey nuair a toghadh den chéad uair é i 1999 mar chomhairleoir contae sa Chlár. Ocht mbliana ina dhiaidh sin i 1997 a toghadh chun na Dála é agus d'éirigh leis an suíochán a choinneáil arís i 2011, 2016 agus i 2020.
I mí Lúnasa 2024, d'fhógair Carey nach mbeidh sé san iomaíocht dá shuíochán Dála sa chéad olltoghchán eile, ar bhonn chomhairle leighis. Bhí Carey ar shaoire tinnis ó Mhárta 2023 agus tá sé ag dul i ngleic leis an tinneas atá air don chuid eile dá shaol.
A dheirfiúr Leonora a lorgóidh ainmniúcháin an pháirtí le dul in iomaíocht i dtoghcheantar an Chláir ar son Fhine Gael sa chéad olltoghchán eile.[1]