Is páirtí polaitiúil é Fianna Fáil i bPoblacht na hÉireann. Tá siad ar an bpáirtí is mó i rialtas na hÉireann: tá séúr airí sinsearacha acu as cúigear déag, agus tá a gceannaire, Mícheál Ó Máirtín, ina Thánaiste i láthair na huaire. Fuair an páirtí 22.2% de na vótaí céad-rogha agus 37 suíochán Dála in Olltoghchán 2020, iad sa dara háit ó thaobh vótaí agus iad ag roinnt na céad áite le Sinn Féin ó thaobh suíochán.
Inniu, dearctar go ginearálta ar Fhianna Fáil mar páirtí atá ar an eite lár-dheis ó thaobh na heacnamaíochta de, agus iad ag tacú le cánacha ísle agus polasaithe a thacaíonn leis na gnólachtaí; ach iad ag tacú le caiteachas níos airde ar na seirbhísí poiblí, ar an tithíocht, agus ar an gcosaint shóisialta i gcomparáid lena dteastaíonn ón bpáirtí traidisiúnta eile in Éirinn, Fine Gael. Ar cheisteanna sóisialta, meastar go bhfuil Fianna Fáil sách coimeádach, agus an chuid is mó de Théachtaí Dála an pháirtí, mar shampla, ag tacú le vóta 'Níl' sa reifreann ar aisghairm an 8ú leasú (en). Tacaíonn an páirtí go láidir le ballraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach, agus tá siad páirteach sa ghrúpa 'Athnuachán', grúpa láir agus liobrálach, i bParlaimint na hEorpa
Bhí an páirtí i gcumhacht i 23 Dáil as an 29 a bhí ann roimh 2009. Ba rialtas Fhianna Fáil é an rialtas is faide, ó 1932-1948, nuair a tháinig comhrialtas i gcomharba orthu, a thit ceithre bliain níos déanaí nuair a bhuaigh Fianna Fáil olltoghchán eile faoi Eamon de Valera.
Ainm
Tagann an t-ainm ón seanchas mar ba bhuíon laochra iad na Fianna faoi cheannas Fhinn Mhic Cumhaill. B'ainm "Inis Fáil" a glacadh mar ainm eile ar Éirinn.
Is ar an 2 Aibreán1926]] a rinne an páirtí cinneadh ar a ainm. Bhí Seán Lemass i bhfabhar an ainm 'The Republican Party', ach is Éamon De Valera, ceannaire an páirtí a rinne an cinneadh, agus is é an t-ainm 'Fianna Fáil' a phioc sé.
Is minic An Páirtí Poblachtach nó The Republican Party mar fhotheideal ar ainm an pháirtí.
Stair
Cúlra
Bhí scoilt i Sinn Féin tar éis an conradh i 1922 idir Éirinn is an Bhreatain Mhór a chuir deireadh le Cogadh na Saoirse. D'fhág Eamon de ValeraSinn Féin i 1925 mar níor mhaith leis an bpáirtí a suíocháin a ghlacadh sa Dháil mar gheall ar an mionn dílseachta do rí na Breataine. Ag an am sin, dúirt Seán Lemass gur 'páirtí leath-bhunreachtúil' ab ea an páirtí mar ní raibh siad ach ag féachaint cad ab fhéidir leo a fháil trí mheáin pholaitiúla agus dá mbeadh gá ann, d'fhillfidís arís ar an bhforéigean.
Bhunaigh an páirtí a gcéad rialtas i Mí na Márta 1932 le cabhair ón Lucht Oibre. Ghéill rialtas Chumann na nGaedhael riarachán na tíre dóibh agus ba chéim mhór í seo do dhaonlathas na hÉireann mar bhí na daoine céanna á marú i gCogadh Cathartha cúpla bliain roimhe sin. I mí Eanáir 1933 d'fhógair de Valera toghchán agus bhuaigh an páirtí móramh sa Dáil.
1960idí
Tháinig a lán scannal chuig Fianna Fáil trí na blianta. Tharla Triail na nArm sa seachtóidí, nuair a cúisíodh Cathal Ó hEochaidh agus aire eile ó bheith ag tabhairt airm don IRA, agus díbríodh iad ón gcaibinéid. Fuair an triail amach nach raibh baint acu le airm soláthar agus d'éirigh leis an Eochaigh a bheith ina Thaoiseach níos déanaí. Sna nóchaidí, bhí cúpla scannal faoi thabhairt conradh pleanála. Mar thoradh, chuaigh daoine chuig príosún agus chuir an rialtas a lán binse fiosrúcháin ar bhun.
Géarchéim, 2007-2016
I mí an Mheithimh 2009 chaill Fianna Fáil a lán suíocháin sna toghcháin áitiúla.
Fianna Fáil i dTuaisceart Éireann
Ainmníodh Sorcha McAnespy mar an gcéad iarrthóir don pháirtí in iomaíocht sna toghcháin áitiúla 2019.