Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do cheantar Bhaile Átha Cliath Theas ón mbliain 2007 í Olivia Mitchell (Gaeilge: Olivia Mistéil) (rugadh í 31 Iúil, 1947 ). Tá sí ina ball d'Fhine Gael. Níor ghlac sí páirt san Olltoghchán 2016.
Cúlra
Rugadh i mBiorra Chontae Uíbh Fhailí í. Fuair sí a cuid oideachais go háitiúil agus i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath áit a ndearna sí staidéar ar eacnamaíocht agus polaitíocht. Ba mhúinteoir eacnamaíochta í sular thug sí faoin bpolaitíocht. Thosaigh sí ar an bpolaitíocht sa bhliain 1985 nuair a toghadh chun Comhairle Contae Dún Laoghaire-Rath an Dúin í. Bhí sí mar Chathaoirleach ar an gComhairle sa tréimhse 1995–1996. D'fhan sí ar an gComhairle go dtí an bhliain 2003.
Conspóid
Dar le Binse Fiosrúcháin Mahon thóg sí íocaíocht mhí-oiriúnach de £500 ó Frank Dunlop ag Toghchán Ginearálta 1992, tar éis go raibh cruinnithe aici leis maidir le tinscnamh Quarryvale.
Tagairtí
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |