Idir an dá Mhicheál d’éirigh le Fianna Fáil 35.5% den vóta céadrogha a fháil in 2020.
Olltoghchán 2024
Roimh Olltoghchán 2024 sheas Simon Coveney síos, agus ceapadh McGrath mar An Coimisinéir um Dhaonlathas, Cheartas agus Riail an Dlí. San Olltoghchán 2024, bhí suíochán breise le líonadh sa toghcheantar de bharr ceantar taobh ó dheas den abhainn, thart ar Bhaile an Easpaig, a bheith aistrithe isteach sa dáilcheantar ó Chorcaigh Thuaidh-Lár.[2]
Sheas 22 iarrthóir in 2024, ina measc beirt de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020, An Tánaiste Micheál Martin (FF) agus agus Donnchadh Ó Laoghaire (SF).