Is Dáilcheantar 3 suíochán é Tiobraid Árann Theas . In 2024, bhí Tiobraid Árann roinnte ina dhá dháilcheantar trí shuíochán. Dáilcheantar cúig shuíochán a bhí ann in 2020.
Toghcháin
Bhí Tiobraid Árann Theas ina dháilcheantar as féin in 2011. Ba é Séamas Healy (WUA), Workers and Unemployed Action), a fuair an chéad suíochán i dTiobraid Árann Theas in 2011, suíochán a bhuaigh sé in 2016 ach theip air é a fháil in 2020. D'éirigh le Fine Gael suíochán a fháil in 2011 i dTiobraid Árann Theas nuair a toghadh Tom Hayes. [1] Ach níor éirigh le Fine Gael suíochán a fháil i dTiobraid Árann le linn 2016-2020.
In 2007 a toghadh Mattie McGrath den chéad uair dó Fianna Fáil. D'fhág sé an páirtí mar nach nglacfadh Ardoifig an pháirtí leis mar iarrthóir agus toghadh é mar Neamhspleách in 2011. Dá mhéad magadh a dhéantar faoi Mhattie McGrath (Nspl) sna meáin náisiúnta is ea is mó a thacaíocht i measc a mhuintire i ndeisceart Thiobraid Árann.As an gCaisleán Nua atá Mattie McGrath, ceantar a bhí aitheanta mar Bhreac-Ghaeltacht suas go dtí 1956. Tá smeadar Gaeilge ag Mattie McGrath.[1]
2020
Fuair Martin Brown (SF) suíochán do Shinn Féin. Bhí vóta ard céadrogha aige – 10,004 – agus fuair sé 2,082 vótaí aistrithe ó Shéamas Healy (WUA) agus bhí an an tríú suíochán as na cúig shuíochán aige dá bharr.[1]
2024
Bhí dháréag iarrthóirí san iomaíocht in 2024, agus bhí triúr le toghadh.