Cill Dara Theas (Dáilcheantar)

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCill Dara Theas

Suíomh
Map
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae Chill Dara Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1997
Aitheantóir tuairisciúil

Is Dáilcheantar 4 suíochán é Cill Dara Theas. D'éirigh sé ina Dháilcheantar 4 suíochán don chéad uair san Olltoghchán 2020. In 2024, bhí tailte i Nás an Rí, agus i gcontae Laoise (thart ar Chúl an tSúdaire), caillte ag an dáilcheantar ó 2020 ach bhí an líon suíochán fanta mar a bhí de bharr an ardú daonra i gCill Dara.[1]

Alan Dukes, 1996
Patricia Ryan, iarSF, Samhain 2022

Toghcháin

Olltoghchán 2016 (3 suíochán)

San Olltoghchán 2016, toghadh mar Theachtaí Dála Martin Heydon (Fine Gael), Seán Ó Fearghaíl (Fianna Fáil), agus Fiona O'Loughlin (Fianna Fáil). Toghadh Ó Fearghaíl ina Cheann Comhairle ar an 10 Márta, 2016.[2]

Olltoghchán 2020 (4 suíochán)

San Olltoghchán 2020, toghadh mar Theachtaí Dála Patricia Ryan (Sinn Féin go dtí 2024), Martin Heydon (Fine Gael), Seán Ó Fearghaíl (Ceann Comhairle), agus Cathal Berry (neamhspleách). Theip ar Fiona O'Loughlin (Fianna Fáil). D’éirigh le Ryan suíochán a fháil do Shinn Féin in 2020, cé go raibh sí ar laethanta saoire nuair a bhí an feachtas ar bun. D'éirigh sí as Sinn Féin in 2024, agus líomhaintí déanta aici in aghaidh an pháirtí.

Ba é Cathal Berry (Nspl) a sciob an suíochán ó Fhianna Fáil in 2020. Bhí sciar níos mó vótaí ag Fianna Fáil ná Fine Gael i dtoghchán 2020, ach iad scaipthe idir beirt agus de bharr leibhéal íseal vótaí aistrithe eatarthu, [1]

Bhí thart ar 20% den vóta ag iarrthóirí ó Fhianna Fáil sna toghcháin áitiúla 2024 sa gcuid seo de chontae Chill Dara. Ní raibh ach 8% den vóta sna toghcháin áitiúla ag iarrthóirí Sinn Féin sa leath seo de chontae Chill Dara.

Olltoghchán 2024 (4 suíochán)

San Olltoghchán 2024, bhí trí shuíochán le líonadh as na ceithre cinn mar ní raibh gá don Cheann Comhairle, Seán Ó Fearghail (FF) dul san iomaíocht, lena shuíochán a choinneáil. Ceathrar déag a bhí san iomaíocht don trí shuíochán a bhí le líonadh.

Sheas Patricia Ryan (iarShinn Féin) mar iarrthóir neamhspleách. Ní raibh iarrthóir amháin ag Fianna Fáil in 2024, an Seanadóir Fiona O’Loughlin, a chaill a suíochán in 2020. Ní raibh ach iarrthóir amháin ag seasamh d’Fhine Gael chomh maith, an tAire Stáit Martin Heydon (FG). Toghadh Shónagh Ní Raghallaigh (Sinn Féin), Mark Wall (LO) agus Martin Heydon (FG). Theip ar Fiona O’Loughlin (FF).

Féach freisin

Tagairtí

  1. 1.0 1.1 Donncha Ó hÉallaithe (14 Samhain 2024). "Coinneoidh Sinn Féin a suíochán i gCill Dara Thuaidh ach deacrachtaí acu i ndeisceart an chontae" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-01.
  2. Nuacht RTÉ (2016-03-10). "Taoiseach fós le toghadh" (as ga-IE).