San Olltoghchán 2020, toghadh mar Theachtaí Dála Maurice Quinlivan (Sinn Féin), Willie O'Dea (Fianna Fáil), Kieran O'Donnell (FG) agus Brian Leddin (CG). Bhí Maurice Quinlivan (SF) ar bharr an chomhairimh in 2020 le 11,006, agus farasbarr de bheagnach 1,800 vóta aige. Bhí ar Willie O’Dea fanacht ar vótaí ó fharasbarr Quinlivan (SF) leis an gcuóta a bhaint amach.[1]
Olltoghchán 2024
Fine Gael an páirtí is mó a fuair vótaí sna toghcháin áitiúla 2024 i gcathair Luimnigh: 29% i gcomparáid le 19% ag Fianna Fáil, 11% don Lucht Oibre agus 10% do Shinn Féin.
San Olltoghchán 2024, bhí an chuid sin de Thiobraid Árann a bhí sa dáilcheantar seo curtha ar ais i dTiobraid Árann Thuaidh, thart ar 3,000 vóta. Seachtar déag a bhí san iomaíocht do na ceithre shuíochán a bhí le líonadh, ina measc an ceathrar a toghadh in 2020: Willie O’Dea (FF); Kieran O’Donnell (FG); Maurice Quinlivan (SF) agus Brian Leddin (CG). Bhí an seanfhondóir Willie O’Dea (FF) san iomaíocht aríst. Toghadh é den chéad uair i 1982.[1]
Sa deireadh thiar thall, toghadh in 2024 Conor Sheehan (LO), Willie O’Dea (FF); Kieran O’Donnell (FG); agus Maurice Quinlivan (SF)