Ba pholaiteoir Éireannach de chuid Shinn Féin é Paul Galligan[1] (20 Meitheamh 1888 - 14 Nollaig 1966) a mbeadh taithí aige ar phríosún cúig bliana mar thoradh ar a ghníomhaíochtaí poblachtacha le linn Éirí Amach 1916 in Inis Córthaidh agus Cogadh na Saoirse i gContae an Chabháin.
Toghadh é ina Theachta ParlaiminteTP gan freasúra, mar Chomhalta Shinn Féin d'Iarthar an Chabháin san olltoghchán 1918..[3] An mhí ina dhiaidh sin, i mí Eanáir 1919, dhiúltaigh Teachtaí Parlaiminte Shinn Féin a toghadh sna toghcháin do Westminster i 1918 aitheantas a thabhairt do Pharlaimint na Ríochta Aontaithe agus ina ionad sin thionóil siad i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath mar pharlaimint réabhlóideach ar a dtugtar Dáil Éireann, cé nár fhreastal Galligan air mar go raibh sé i bpríosún nó "fé ghlas ag gallaibh".[1] Gabhadh é arís i Meán Fómhair 1920 [4]agus atoghadh é mar Chomhalta Shinn Féin ina Teachta Dála (TD) do dháilcheantar an Chabháin ag toghcháin 1921. Thacaigh sé leis an gConradh Angla-Éireannach agus vótáil sé ar a shon. Ní raibh sé san iomaíocht le haghaidh an olltoghcháin 1922 agus chuaigh sé ar scor ón bpolaitíocht.[5]