Bhí go leor conspóide ag baint lena thréimhse i gceannas ar na Gardaí. Ar a chonlán féin, chuir sé tine faoi coup d'état cúpla mí roimh an olltoghchán ar 24 Eanáir 1933.[2][3]
I mí Feabhra 1933, thug an rialtas nua, faoi stiúir Éamoin De Valera, bata agus bóthar d'Eoin Ó Dubhthaigh.[4]
An 20 Iúil 1933, d'éirigh Ó Dubhthaigh i gceannas ar Chumann Chomrádaithe an Airm, eagraíocht de chineál faisisteach sna 1930idí.[5] D'athraigh sé an t-ainm láithreach go dtí "an Garda Náisiúnta". Dob fhearr aithne air ina dhiaidh sin faoin ainm "na Léinte Gorma", an mílíste a chuir cosaint ar fáil do bhaill Chumann na nGaedheal (agus níos déanaí leasainm díspeagúil d’Fhine Gael).