Nuair a fuair siad nuacht faoi thús an Éirí Amach i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1916, bhailigh Eichingeam agus roinnt Óglach eile le chéile in Inis Córthaidh, agus thóg siad cúpla fhoirgneamh agus beairic sa chathair. Ní bhfuair siad an seans troid i gcoinne na Sasanach, mar tháinig an t-ordú ó Phádraig Mac Piarais géilleadh a dhéanamh. Níor chreid siad an scéal ar dtús, mar b'iad na Sasanaigh a d'inis an nuacht dóibh. Chuaigh Eichingeam agus Seamus Doyle chun buaileadh leis an bPiarsach i bpríosún, agus ansin bhí siad sásta gur tháinig an t-ordú uaidh. Ghéill siad freisin, agus chaith siad bliain go leith faoi ghlas i Sasana.
Bhí Eichingeam níos sine ná an chuid is mó de na hÓglaigh eile i bPríosún Dartmoor, agus ba bheag nár chailleadh é de bharr an drochbhia a bhí acu. D'ainneoin a dhroch-shláinte, ba dhuine coitianta é leis na fir eile. Ligeadh amach é sa bhliain 1917.
An Chéad Dáil
Chuaigh Eichingeam ina iarrthóir ó Shinn Féin san olltoghchán sa bhliain 1918, ón ndáilcheantar Cill Mhantáin Iarthar. Toghadh é, agus ghlac sé áit sa Chéad Dáil sa bhliain 1919.
Roghnaíodh é ina Aire Iascaigh i nDara Aireacht na Chéad Dála, agus arís sa Tríú Aireacht.
Toghadh é arís sa bhliain 1921, ón ndáil-cheantar Loch Garman.
Cogadh na gCarad
Bhí sé i gcoinne an Conradh Angla-Éireannach, agus bhí sé gníomhach i gcoinne é sa Dháil agus i bhfeidhmeannach na nÓglach.
Cuireadh faoi glas arís é i rith Cogadh Cathartha na hÉireann. Cuireadh chun báis a chara Liam Ó Maoilíosa; bhí tionchar uafásach an bású seo air, agus thosaigh a shláinte ag éirí go dona go tapaidh. Cailleadh é níos déanaí sa bhliain chéanna; fuair sé bás le hadhairt i bpríosún.[1]
Naisc sheachtracha
Tagairtí
↑ 1.01.1Bill Byrne (unpublished manuscript entitled “The Tommy. Furlong Story,” written by my uncle, Thomas Furlong). "One man's part in the rising". Dáta rochtana: 2021.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.