Áras cónaithe Éireannach atá suite ar Sráid Dásain i mBaile Átha Cliath, Poblacht na hÉireann é Teach an Ardmhéara. Is san fhoirgneamh seo atá Ard-mhéara Bhaile Átha Cliath lonnaithe ó 1715 go dtí an lá inniu.
Tugtar 'The Mansion House' air i mBéarla.
Bhí Dónall Ó Conaill ina ardmhéara ann. Ar an 14 Aibreán 1914, bunaíodh Cumann na mBan go hoifigiúil i Seomra na gColún.
Tionóladh an Chéad Dáil i dTeach an Ardmhéara, ar 21 Eanáir 1919.