Rinne Retail Excellence Ireland suirbhé sa bhliain 2012, agus ba ea é Sord an "tríú baile is fearr". Sa bhliain 2011 ba é Sord an dara baile is glaine in Éirinn.[3]
Stair agus áiteanna stairiúla
Bhunaigh Colm cille an baile Sord sa bhliain 560 AD. Bheannaigh sé an tobar áitiúil agus mar sin, d'ainmnigh sé an baile Sord (ciall amháin le sord ná "glan", ciall is ea "foinse uisce".)[4]. Tá cloigtheach de 26m suite i Sord. Tá seanchaisleán meánaoiseach suite ann chomh maith.
Oideachas
Tá naoi mbunscoil i Sord. Tá dhá Ghaelscoil ann, trí scoil den chineál "Educate Together", scoil amháin de chuid Eaglais na hÉireann agus ceithre scoil náisiúnta.
· Church of Ireland, Old Borough National School[16], Bóthar an Teampaill[17]
· Scoil Cholmcille Naofa[18], Lána an tSéipéil[19]
· Holy Family National School[20], Gleann na hAbhainn[21]
Tá ceithre mheánscoileanna i Sord, dhá scoileanna aon ghnéis agus dhá phobalscoileanna.
· Loreto College Sord[22], Gleann na hAbhainn[21]. Is meánscoil cailíní í.
· Coláiste Choilm, Sord[23]. Is meánscoil buachaillí é.
· Coláiste Fhionáin[24], Caisleán na Ferime[25], Sord.
· Coláiste Pobail Fhine Gall[26], Bóthar Bhaile na Mara[27]
Taisteal
Tá teacht go héasca ar Shord. Nascann na bóithre Sord le go leor áiteanna, mar shample an M1Baile Átha Cliath– Béal Feirste atá suite ar thaobh thoir an bhaile agus an M50 atá suite ar an taobh theas den bhaile. Tá go leor príomhbhóithre eile ann freisin, mar shampla, an R106 go Mullach Íde, an R108 go Baile Bachaille, an R125 go Cill Dhéagláin, an R126 go Domhnach Bat agus an R127 go dtí na Sceirí. Tagann go leor busanna trí Shord. Tagann na huimhreacha 33, 33a, 33b, 41, 41a, 41b, 41c, 41n, 41x, 43, 102 trí Sord gach uile nóiméad[28]
Eacnamaíocht
Tá cúrsaí gnó á bhforbairt agus ag fás i Sord, le deich bliain anuas go háirithe.
Miondíol
Tá dhá pháirc mhiondíola i Sord agus cuireann siad go leor post ar fáil do dhaoine i Sord. Airside agus Swords Business Park an t-ainm atá ar na páirceanna miondíola. D’oscail Airside sa bhliain 2001. Tá ceithre shiopa déag in Airside:
B&Q
Carpetright
Currys PC World
D.I.D Electrical
EZ Living
Halfords
Harry Corry
Harvey Norman
HomeStore&More
McDonald's
Michael Murphy Home Furnishing
Petstop
Power City
Smyths
Starbucks
Woodie's DIY
Tá ionad siopadóireachta i lár Shoird. Pavilions, Swords an t-ainm atá air, agus tá sé ar cheann de na siopalanna is mó i mórcheantar Bhaile Átha Cliath. Osclaíodh é sa bhliain 2001[29]. Tá pictiúrlann, bialanna agus siopaí istigh ann.
Eitlíocht
Sa bhliain 2011 bhí 18.7 milliún paisinéirí, 171 bealach, agus 61 aerlíne ag teacht trí Aerfort BÁC[30]. Tá go leor oibríochtaí cheanncheathrú i Sord mar shampla, mar atá Aer Lingus, CityJet, Rynanirch Thompson Airways agus Air Contractors. Chomh maith le hoibríochtaí ceanncheathrú, tá go leor cothabháil cheanncheathrú cosúil le Aer Lingus, CityJet, Dublin Aerospace[31], Eirtech Aviation, Etihad Airways agus Ryanair.
Spórt
Tá go leor clubanna spórt i Sord:
Peil Ghaelach:
1) An club Peil Ghaelach: Fine Ghallian, a bunaíodh sa bhliain 1884. Daichead foireann peil ghaelach, iománaíocht agus camógaíocht atá ann. Sa bhliain 2018, bhuaigh na cailíní U/17 Craobh Bhaile Átha Cliath.
2) Bunaíodh Naomh Fhionnáin sa bhliain 1985. Tá sé suite i nGleann na hAbhann i Sord, paróiste eile i Sord. Tá níos mó ná tríocha foireann ann.
3) Naomh Colm Chille (1935)
Leadóg:
Tá Club Leadóige suite ar thalamh álainn an caisleán.