Baile Brigín

Bosca Geografaíocht PholaitiúilBaile Brigín

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53° 36′ 31″ N, 6° 10′ 59″ O / 53.6086°N,6.1831°W / 53.6086; -6.1831
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iaraonán críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán21,722 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde6 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Logainm.ie16735
Suíomh gréasáinbalbriggan.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Comhartha fáilte go Baile Brigín

Is baile i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, é Baile Brigín. [1] Tá an baile cósta seo suite 34 ciliméadar ó Bhaile Átha Cliath, áit a n-oibríonn cuid mhór de mhuintir an bhaile, agus tá an baile suite i gceantar riaracháin Chontae Fhine Gall. Is é an 29ú baile is mó in Éirinn ó thaobh daonra de, le 24,322 duine ina gcónaí ann i nDaonáireamh 2022. Bhí tionscail na fíodóireachta éadaigh sa bhaile beo go 1980, áit ar déantúsaíodh stocaí, brístí, agus éadaigh eile. Tharla eachtra suntasach i gCogadh na Saoirse ann i mí Meán Fomhair 1920.

Daonra

Tháinig fás as cuimse ar an daonra ag tús na 21ú haois toisc go raibh méadú tobann ar éileamh ar thithíocht i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath. Mhéadaigh an daonra Uirbeach ó 6,731 i 2006  go dtí 8,114 i 2016,[2] agus mhéadaigh daonra na Tuaithe ó 9,615 i 2006 go dtí 16,479 i 2016.[2] Tá daonra 24,611 i mBaile Brigín ach tá daonra lonnaíocht 21,722 sa daonáireamh na hÉireann 2016.[2]

Stair na háite

An tréimhse neoiliteach

Rinneadh mionstaidéar seandálaíochta roimh tógadh eastát tithíochta in aice le Lána na Gráige.[3] Tháinig siad ar fhianaise lonnaíochta ón ré Neoiliteach. d'aimsigh siad fothrach ó theach Neoiliteach.[3] Seo an áit a bhféadfadh na chéad fheirmeoirí a bheith ina gcónaí sa cheantar 5000 bliain ó shin.[3] Rinneadh an teach as plancanna adhmaid agus bhí sé sé mhéadar ar leithead.[3]

Ré na meánaoise

Tógadh Caisleán Bhrí Mhór sa 14ú haois.[3] Bhí clann Barnwell ina gcónaí sa chaisleán seo sa bhliain 1567. Bhí gairdíní, ocht dtionóntán, úllord agus páirc ann.[3] D'ionsaigh arm Oliver Cromwell an caisleán le linn Chogadh na hAon Bhliain Déag i rith na 1640dí.[3] Rinneadh mionstaidéar seandálaíochta sa pháirc in aice leis an gcaisleán agus aimsíodh caor gunna mór a bhain leis an ionsaí, is dócha.[3]

18ú haois

Sa tréimhse seo, ba shráidbhaile iascaireachta é Baile Brigín. Thug an tiarna talún áitiúil George Hamilton tionscadail déantúsaíochta éadaigh chuig Baile Brigín.[4] Thóg sé monarchana agus d’fheabhsaigh sé an calafort.[4] Críochnaíodh an ché sa bhliain 1763.[4]

19ú haois

Ba bhaile cuain agus margadh é faoin 19ú haois.[4] Sa tréimhse seo bhí an daonra 3,016 i mbarúntacht Baile an Ridire Thoir, áit atá Baile Brigín.[4] Bhí margadh ar siúl gach Luan agus bhí aonach eallach ar siúl i mí Aibreáin agus mí Meán Fómhair sa bhaile.[4] Tógadh teach margadh sa bhliain 1811 chun áit cinnte a thabhairt do na margaidh sin.[4]

Imeachtaí staire

Tharla cath meánaoiseach i mBaile Brigín sa bhliain 1329.[4] Champaigh Liam III Oráiste i mBaile Brigín tar éis Cath na Bóinne i mhí Iúil 1690.[4] Tharla Creach Bhaile Brigín ar an 21ú Meán Fómhair 1920.[4] D’ionsaigh na Dúchrónaigh Baile Brigín agus dhó siad ceithre theach is caoga, monarchan éadaí agus osánachta, agus ceithre theach tábhairne. Mharaíodar beirt fear áitiúil, Séamus Ó Laighléis agus Seán Mac Giobúin ar Shráid an Droichid. Níorbh mór Baile Brigín a atógáil i ndiaidh na Creiche tar éis an léirscrios a rinneadh air.[4]

Tíreolaíocht

Téann abhann na Breicíne trí lár an bhaile. Is as an abhainn bheag seo a thagann ainm an bhaile. Tagann ainm na haibhinne ón mbreac donn a mbíonn le fáil inti, mar is é brí 'breicín' ná breac beag.[5]

Suíomh agus taisteal

Tá an baile cósta seo suite 20 km ó Dhroichead Átha agus 30 km ó chathair Baile Átha Cliath.  Tá an baile lonnaithe in aice leis an mótarbhealach M1, a théann ó Bhaile Átha Cliath chuig Béal Feirste.[6] Níl sé ach 23km ó Aerfort Baile Átha Cliath. Tá córas iompar poiblí an-mhaith ann sa bhaile le go leor modhanna iompair.  Cuirtear seirbhísí bus ar fáil trí ‘Bus Átha Cliath' (a théann chuig na Sceirí, Ros Eo, Lusca, agus Sord Cholmcille), ‘Bus Eireann’ (a théann chuig Droichead Átha, Baile Iúliáin, Baile an Ridire, na Cúig Bóthar, Sord Cholmcille, agus Aerfort BÁC), agus ‘Local Link’ (a théann chuig Cros Mhic Giollagáin, Steach Maoilín, Baile Mhic Gormáin, an Aill, Baile Bachaille, an tSeanbhaile, Baile Ghabhra, agus Cill Dhéagláin). Cuirtear seirbhísí traein chuig BÁC, Droichead Átha, Dún Dealgan, Iúr Chinn Trá, agus Brí Chualann ar fáil i mBaile Brigín tríd an stáisiún traenach. stáisiún traenach.[6]

Turasóireacht

Áiteanna spéisiúla

  • Teach Solais Baile Brigín -  Tógadh an teach solais sa bhliain 1769 agus is é an dara theach solais beo is sine in Éirinn. Tá leacht greannta air i gcuimhne Pádraig Ó hÁinle, a bhá i stoirm ar an 24ú Lughnasa 1957, agus iarracht á dhéanamh aige a dhá chara, Caoimhín Ó Laighléis agus Gearailt Ó Luachra, a thógáil slán ón mhuir fíochmhar. Tiomnaíodh an leacht so i 1961.[7]
  • An Bataire - Tógadh an ghné chosanta seo i 1803 le taobh an cósta Baile Brigín.[7]
  • Caisleán Bhrí Mhór - Tógadh Caisleán Bhrí Mhór sa 14ú haois agus baineann Comhairle Contae Fine Gall leasa as i gcóir margaidh, taispeántais, agus seónna tinte ealaíona.[7]
  • Cuan Baile Brigín.[7]
    Cuan Baile Brigín
    hg
  • Droichead Iarnród Baile Brigín - Tógadh é in 1844 mar chuid den iarnród ó Bhaile Átha Cliath chuig Droichead Átha, díreach ó dheas ó stáisiún traenach. Is é an droichead iarnróid is sine in Éirinn le níos mó ná áirse amháin.[7]
  • Teach Cúirte Baile Brigín - Tógadh é sa bhliain 1844 as aolchloch.[7]
  • Clochar Loreto -  Tógadh é sa bhliain 1857 mar chraobh den chlochar san Uaimh. Cuireann na mná rialta oideachas meánscoile ar fáil do chailíní. Bhí bunscoil measctha acu tráth idir 1950 agus 1986.[7]

Áiseanna poiblí

Tá go leor áiseanna sa bhaile a thaitníonn le turasóirí agus an muintir áitiúil maraon. Tá cúig thráigh ghainimh suite i mBaile Brigín. Seo iad ó thuaidh go dheas: Trá Chnoc na gCoin, Trá Bhrí Mór, an Trá Tosaigh, an Trá Cúil agus Trá Choill Samhadh. Meallann na trátha neart turasóirí lae gach uile samhradh, mar tá radhairc áille uathu ar na Beanna Boirche, na Sceirí, agus ar Mhuir Éireann.[8] Is é an trá leis an rochtain is áisiúla an trá tosaigh toisc go bhfuil an stáisiún traenach suite cúig nóiméad uaidh. Bíonn margadh iascaireachta agus talmhaíochta ar siúl gach Aoine i mBaile Brigín.[8] Tá Club Gailf Bhaile Brigín suite leath-bhealach idir an baile agus Baile an Ridire, gar don M1. Bunaíodh an club gailf i 1945.[8] Athchóiríodh an cúrsa gailf i 2009 le gnéithe nua ar nós guaiseacha uisce dúshlánacha, bánóga níos leithne agus tí-bhoscaí nua.[8]

Tá diméin Ard Choille suite idir Bhaile Brigín agus na Sceirí. Ba eastát chlann Hamilton-Taylor é ó 1738, agus tugadh don stáit é i 1982. Is páirc poiblí é inniu agus tagann formhór na dturasóirí ar thuras lae.[8] Tá caisleán ón 18ú haois ann, le caifé, stiúidiónna ealaíne agus gairdíní luibhe, toradh, glasra, bláth, agus rós. Is meascán de chluain agus coill é an fearann máguaird, le binsí, láthair béile, agus clós súgartha. Tá carrchlós suite ag taobh theas na diméine agus is féidir Bus Átha Cliath 33 a thógáil ón séipéal Caitliceach i mBaile Brigín. [8]

Maidir le siopadóireacht, tá siopaí ar fud na príomhshráide, agus tá ionaid siopadóireachta Millfield agus Castlemill, a dtógadh i 2011, gar don M1, ann chomh maith.[9]

Lóistín

Tá óstán amháin sa bhaile, an ‘Bracken Court’. Tá sé suite i gcroílar an bhaile, gar do na háiseanna uilig i mBaile Brigín. Is siúl 5 nóiméad é ón stáisiún traenach cois mara. Meallann an áis ar leith seo turasóirí ar mhian leo bheith gar go leor go Bhaile Átha Cliath gan orthu praghasanna arda ósta lár na cathrach a íoc. Is féidir páirceáil ar an láthair saor in aisce d’aíonna.[10]

Oideachas

Na naíonra

Naíonraí?.[11]

Na bunscoileanna

Tá go leor bunscoileanna i mBaile Brigín.

  • Scoil Naomh Treasa, Coill na Giúise. [12]
  • Gaelscoil Bhaile Brigín, Coill Samhadh – múintear ábhair sa scoil seo trí mheán na Gaeilge. [12]
  • Scoil Bhrigín Foghlaim le Chéile, Coill Samhadh.
  • Scoil Chormaic, Cloch Ruairí. [12]
  • Scoil Náisiúnta Sheoirse, Maigh Lárach. [12]
  • Scoil náisiúnta Naomh Molaga, Brí Mór[12]
  • Scoil náisiúnta Baile an Ridire, Baile an Ridire. [12]
  • Scoil náisiúnta Naomh Peadair agus Póil, Sráid an tSéipéil. [12]
  • Scoil Naomh Beannáin, Baile Scadáin. [12]
  • Scoil Naomh Fiontán[12]Scoil Naomh Treasa [12]

Na meánscoileanna

Tá cúig mheánscoil i mBaile Brigín.

  • Coláiste Ghlor na Mara, Cloch Ruairí - is Gaelcholáiste é seo ina mhúintear gach ábhar seachas Béarla trí meán na Gaeilge. Freastalaíonn an coláiste seo ar dhaltaí ó Ghaelscoileanna i Ros Eo, Sord Cholmcille, Droichead Átha, Cill Dhéaglán, agus Dún Dealgan. [12]
  • Meánscoil Clochar Loreto, an mheánscoil is sine sa bhaile. [12]
  • Coláiste pobail Baile Brigín, Sráid Dhroichead Átha nó an ‘Tech’ mar a thugann muintir an bhaile air. [12]
  • Coláiste pobail Ard Choille, Coill Samhadh. [12]
  • Meánscoil Foghlaim le Chéile Bhrí Mór, Cloch Ruairí.

Spórt

Rugbaí

Tá Club Peile Rugbaí suite i mBaile Brigín agus imríonn an club i roinn 2B i Léig na Laighean.[13] Bunaíodh an club ar dtús i 1925.[13] Bhunaigh an club Corn na mBailte Cúige sa chomórtas Laighean do chlubanna Cúige i 1928.[13] Ní raibh mórán suime sa rugbaí i rith lár na dtríochaidí. Ansin bunaíodh Club Rugbaí Dealbhana lonnaithe i  mBaile Brigín i lár na gcaogaidí.[13] Athlonnaigh an club Rugbaí go nDroichead Átha.[13] Sa bhliain1967 bhunaigh Brendan Griffin club rugbaí do dhaoine óga sa bhaile.[13] Bunaithe foireann rugbaí do dhaoine fásta sa bhliain 1975.[13] Ba é Felim White an chéad chaptaen ar an gclub.[13] Sna 1990idí, bunaithe foireann na mná ach ag an am seo ní raibh a lán foirne mná ann agus ansin tháinig deireadh leis an bhfoireann.[13] Athbhunaíodh an fhoireann sa bhliain 2014.[13]

Sacar

Bunaíodh club peile Baile Brigín sa bhliain 1998.[14] Is club mór é le os cionn tríocha foireann ann.[14]

Cumann Lúthchleas Gael

Bunaíodh Cumann Uí Dhuibhir sa bhliain 1918 agus tá sé lonnaithe i Lána na Gráige.[15] Imríodh an céad cluiche i mBaile Uí Ghormáin.[15] Tá níos mó ná 700 ball ann.[15] Imrítear cluichí i bpáirce Brí Mhór.[15]

Reiligiúin

Eaglais Naomh Peadar agus Pól

Eaglais Chaitliceach Rómhánach tiomnaithe do naoimh Peadar agus Pól suite ai mBaile Brigín. Tógadh an séipéal mór sa bhliain 1842.[7] Is sampla den ailtireacht Ghotach atá ann.[7]

Tagairtí

  1. Baile Brigín/Balbriggan | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. 2.0 2.1 2.2 "[https://balbriggan.ie/balbriggan-today-summary-socio-economic-profile.pdf Balbriggan Today; A Summary Socio-Economic Profile]". Dáta rochtana: 2020-11-23.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 3.5 3.6 3.7 "Heritage by Area - Balbriggan". Dáta rochtana: 2020-11-23.
  4. 4.00 4.01 4.02 4.03 4.04 4.05 4.06 4.07 4.08 4.09 4.10 "[https://www.triposo.com/loc/Balbriggan/history/background Balbriggan, Republic of Ireland History]". Dáta rochtana: 2020-11-23.[nasc briste go buan]
  5. "Balbriggan Beach". Dáta rochtana: 2020-11-24.
  6. 6.0 6.1 "Balbriggan, Chamber of Commerce". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-25. Dáta rochtana: 2020-11-24.
  7. 7.0 7.1 7.2 7.3 7.4 7.5 7.6 7.7 7.8 "Buildings and Gardens, Balbriggan". Dáta rochtana: 2020-11-24.
  8. 8.0 8.1 8.2 8.3 8.4 8.5 "Discover Ireland: Balbriggan". Dáta rochtana: 2020-11-25.
  9. "The heart of shopping in Balbriggan". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-10-25. Dáta rochtana: 2020-11-25.
  10. "Bracken Court Hotel". Dáta rochtana: 2020-11-26.
  11. "Creches and Playschools". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-03. Dáta rochtana: 2020-11-26.
  12. 12.00 12.01 12.02 12.03 12.04 12.05 12.06 12.07 12.08 12.09 12.10 12.11 12.12 12.13 "Primary Schools". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-10-24. Dáta rochtana: 2020-11-27.
  13. 13.00 13.01 13.02 13.03 13.04 13.05 13.06 13.07 13.08 13.09 "Balbriggan Rugby Football Club". Dáta rochtana: 2020-11-27.
  14. 14.0 14.1 "Balbriggan F.C". Dáta rochtana: 2020-11-28.
  15. 15.0 15.1 15.2 15.3 "Club History". Dáta rochtana: 2020-11-28.

Naisc sheachtracha

Read other articles:

Gulai Balak adalah makanan khas dari Provinsi Lampung yang berbahan dasar daging sapi atau daging kambing. Masakan ini memiliki cita rasa gurih pedas yang berasal dari penggunaan santan dan cabai. Kuah dari Gulai Balak berwarna kuning yang berasal dari kunyit. Selain kunyit, masakan ini juga menggunakan rempah seperti kapulaga, cengkeh, pala bubuk, pekak, kayu manis, adas dan jintan.[1]. Etimologi Gulai Balak disini berasal dari bahasa Lampung, Balak yang berarti besar. Hal ini bukan ...

 

Tiga Belas Pabrik di Kanton sekitar tahun 1820, tampak dalam lukisan adalah pabrik-pabrik milik Denmark, Spanyol, Amerika Serikat, Swedia, Inggris dan Belanda, sesuai dengan bendera masing-masing negara. Tiga Belas Pabrik (Hanzi: 十三行; Pinyin: Shísān Háng), yang secara harfiah berarti tiga belas kantor usaha resmi adalah sebuah kawasan di tepi Sungai Mutiara di daerah Xiguan (Saikwan), barat daya Kanton, di zaman Dinasti Qing dari tahun 1684 hingga 1856. Kawasan ini merupakan ...

 

Gideon AdlonAdlon di SXSW 2018Lahir30 Maret 1997 (umur 27)[1][2]Los Angeles, California, Amerika SerikatKebangsaan Amerika Jerman PekerjaanAktrisTahun aktif2011−sekarangOrang tuaPamela Adlon (ibu) Gideon Adlon (lahir 30 Maret 1997) adalah seorang aktris asal Amerika Serikat. Film-filmnya termasuk Blockers (2018), The Mustang (2019), The Craft: Legacy (2020) dan Sick (2022). Di televisi, ia dikenal karena perannya dalam serial Netflix, The Society (2019) dan serial...

العلاقات المكسيكية الهايتية المكسيك هايتي   المكسيك   هايتي تعديل مصدري - تعديل   العلاقات المكسيكية الهايتية هي العلاقات الثنائية التي تجمع بين المكسيك وهايتي.[1][2][3][4][5] مقارنة بين البلدين هذه مقارنة عامة ومرجعية للدولتين: وجه المقارنة ا�...

 

Air Sanih atau Yeh Sanih adalah tempat wisata yang terletak sekitar 17 km dari Singaraja, Bali. Tempat ini merupakan tempat permandian dengan sumber air. Menurut legenda tempat ini merupakan tempat permandian bagi pasangan muda. Menurut kepercayaan masyarakat setempat, sumber air ini mempunyai asal usul dari Danau Batur yang letaknya ratusan kilometer dari tempat ini. Air dari sumber ini sering digunakan dalam upacara agama Hindu. Di tempat ini juga dapat ditemui pura yang diujukkan kepa...

 

2004 single by Ana Johnsson We AreScandinavian artworkSingle by Ana Johnssonfrom the album The Way I Am and Music from and Inspired by Spider-Man 2 Released28 June 2004 (2004-06-28)Length3:57Label Bonnier Music Columbia Epic Songwriter(s) Andreas Carlsson Jörgen Elofsson Producer(s) Mikael Nord Andersson Martin Hansen Ana Johnsson singles chronology Cuz I Can (2004) We Are (2004) Don't Cry for Pain (2004) Alternative coverEuropean two-track CD single artwork Audio samplefilehe...

Rapana rapiformis Klasifikasi ilmiah Domain: Eukaryota Kerajaan: Animalia Filum: Mollusca Kelas: Gastropoda Subkelas: Caenogastropoda Ordo: Neogastropoda Famili: Muricidae Genus: Rapana Spesies: Rapana rapiformis(Born, 1778) Sinonim[1] Buccinum bulbosum Dillwyn, 1817 Murex rapa Gmelin, 1791 Murex rapiformis Born, 1778 Purpura rapa Valenciennes, 1846 · Sinonim subjektif junior Rapa bulbosa (Dillwyn, 1817) Rapa volema Röding, 1798 Rapana bulbosa (Dillwyn, 1817) Rapana rapiformis adal...

 

Artikel ini sebatang kara, artinya tidak ada artikel lain yang memiliki pranala balik ke halaman ini.Bantulah menambah pranala ke artikel ini dari artikel yang berhubungan atau coba peralatan pencari pranala.Tag ini diberikan pada Oktober 2022. Dalam ilmu psikologi, ketepatan interpersonal (bahasa Inggris: interpersonal accuracy) adalah kemampuan individu untuk membuat kesimpulan yang tepat tentang keadaan diri orang lain, sifat, ataupun kepribadian dari orang lain.[1] Sebagai contoh ...

 

Questa voce sull'argomento canottieri britannici è solo un abbozzo. Contribuisci a migliorarla secondo le convenzioni di Wikipedia. Guy Nickalls Nickalls intorno al 1915 Nazionalità  Regno Unito Canottaggio Palmarès Competizione Ori Argenti Bronzi Giochi olimpici 1 0 0 Vedi maggiori dettagli   Modifica dati su Wikidata · Manuale Guy Nickalls (Sutton, 13 novembre 1866 – Leeds, 8 luglio 1935) è stato un canottiere britannico. Ha vinto la medaglia d'oro olimpica nel c...

هذه المقالة عن المجموعة العرقية الأتراك وليس عن من يحملون جنسية الجمهورية التركية أتراكTürkler (بالتركية) التعداد الكليالتعداد 70~83 مليون نسمةمناطق الوجود المميزةالبلد  القائمة ... تركياألمانياسورياالعراقبلغارياالولايات المتحدةفرنساالمملكة المتحدةهولنداالنمساأسترالي�...

 

Rural locality in Poltava Oblast, Ukraine Village in Poltava Oblast, UkraineTereshky ТерешкиVillageIn the village centre Coat of armsEtymology: from Ukrainian given name TereshkoTereshkyLocation in UkraineCoordinates: 49°33′07″N 34°37′06″E / 49.55194°N 34.61833°E / 49.55194; 34.61833Country UkraineOblast Poltava OblastRaion Poltava RaionVillage councilTereshkyFirst mentionthe 2nd quarter of the 17th cent.Area • Total2.078 k...

 

صفحة من نسخة من القرون الوسطى من كتاب Notitia Dignitatum من عام 1436، من مكتبة بودلي، أكسفورد. فلسطين ونهر الأردن، من Notitia Dignitatum. قائمة الرتب والوظائف[1] (باللاتينية: Notitia Dignitatum) هي وثيقة من وثائق الإمبراطورية الرومانية المتأخرة والتي تسرد تفاصيل التنظيم الإداري للإمبراطوريات الشر...

Peter ZumthorLahir26 April 1943 (umur 81)Basel, SwissKebangsaanSwissPekerjaanArsitekPenghargaanPenghargaan Arsitektural Carlsberg (1998) Praemium Imperiale (2008) Penghargaan Pritzker (2009) Royal Gold Medal (2013)GedungTherme ValsKunsthaus Bregenz Peter Zumthor (lahir 26 April 1943) adalah seorang arsitek Swiss yang karyanya kemudian disebut tanpa kompromi dan minimalis.[1] Menjadi manajer dari sebuah firma yang relatif kecil, ia merupakan pemenang Penghargaan Pritzker tahun 20...

 

2011 Android smartphone by Samsung This article needs additional citations for verification. Please help improve this article by adding citations to reliable sources. Unsourced material may be challenged and removed.Find sources: Samsung Galaxy S II – news · newspapers · books · scholar · JSTOR (September 2023) (Learn how and when to remove this message) Samsung Galaxy S IIGalaxy S II in whiteCodenameSlimBrandSamsung GalaxyManufacturerSamsung Electroni...

 

Disambiguazione – Se stai cercando l'ingegneria, vedi Ingegneria elettronica. Disambiguazione – Se stai cercando elettronica come genere musicale, vedi Musica elettronica. Disambiguazione – Se stai cercando altri significati, vedi Elettronica (disambigua). Questa voce o sezione sull'argomento elettronica non cita le fonti necessarie o quelle presenti sono insufficienti. Puoi migliorare questa voce aggiungendo citazioni da fonti attendibili secondo le linee guida sull'uso delle fon...

Extinct languages of the Andes This article has multiple issues. Please help improve it or discuss these issues on the talk page. (Learn how and when to remove these template messages) This article includes a list of general references, but it lacks sufficient corresponding inline citations. Please help to improve this article by introducing more precise citations. (August 2017) (Learn how and when to remove this message) This article needs additional citations for verification. Please help i...

 

ألبرت باندورا (بالإنجليزية: Albert Bandura)‏  معلومات شخصية الميلاد 4 ديسمبر 1925 [1]  مونداري  [لغات أخرى]‏  الوفاة 26 يوليو 2021 (95 سنة) [2]  ستانفورد  سبب الوفاة قصور القلب[3]  مواطنة كندا الولايات المتحدة  عضو في الأكاديمية الأمريكية للفنون والعلوم�...

 

Practice of rendering a non-Latin name in a Latin style Not to be confused with Romanization, the conversion of text written in another script into Latin (or Roman) letters, or Liturgical Latinisation. Latinisation (or Latinization)[1] of names, also known as onomastic Latinisation, is the practice of rendering a non-Latin name in a modern Latin style.[1] It is commonly found with historical proper names, including personal names and toponyms, and in the standard binomial nome...

Cầu thủ và huấn luyện viên bóng đá người Na Uy (sinh 1973)Bản mẫu:SHORTDESC:Cầu thủ và huấn luyện viên bóng đá người Na Uy (sinh 1973) Ole Gunnar Solskjær Solskjær là huấn luyện viên trưởng Molde năm 2011Thông tin cá nhânTên đầy đủ Ole Gunnar Solskjær[1]Ngày sinh 26 tháng 2, 1973 (51 tuổi)[2]Nơi sinh Kristiansund, Na UyChiều cao 1,78 m (5 ft 10 in)[2]Vị trí Tiền đạoSự nghi�...

 

Person who specializes in evaluating art John Ruskin (1819–1900), who Leo Tolstoy described as one of those rare men who think with their heart. A champion of the work of J. M. W. Turner, Ruskin detested the work of James McNeill Whistler.[1] An art critic is a person who is specialized in analyzing, interpreting, and evaluating art. Their written critiques or reviews contribute to art criticism and they are published in newspapers, magazines, books, exhibition brochures, and catalo...