Is bruachbhaile i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath é Fionnbhrú[1] (Whitehall sa Bhéarla).
Tá an bruachbhaile suite ar an mbóthar N1 idir Seantrabh agus Droim Conrach. Is é an N1 an bóthar idir Baile Átha Cliath agus an aerfort, agus a leanann ar aghaidh ó thuaidh go dtí Béal Feirste. Tá Fionnbhrú cóngarach d'ospidéal Beaumont agus d'Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá coláiste tríú leibhéal Coláiste Breisoideachais Fionnbhrú suite ann.