Tá Cluain Tarbh suite cúpla míle taobh thuaidh de Chathair Bhaile Átha Cliath, agus tá stáisiún de chuid an DART ar Bhóthar Chluain Tarbh. Cuireann Bus Átha Cliath seirbhís díreach ar fáil anonn is anall ó Mhéansráid na Mainistreach i lár na cathrach go dtí Ascaill an Chaisleáin, bus uimhir 130. Freastalaíonn na busanna 29A, 31 agus 32 ar an chuid den cheantar níos faide intíre timpeall Bhóthar Bhinn Éadair. Tá garáiste de chuid Bhus Átha Cliath suite ar Bhóthar Chluain chomh maith, gar don droichead chuig Cnocán Doirinne.
Spóirt agus caitheamh aimsire
Is iomaí club spóirt atá gníomhach sa cheantar, idir na gcluichí Gaelacha, rugbaí, galf, cruicéad, seoltóireacht agus iliomad eile.
Tá cumann de chuid an Chumann Lúthchleas Gael, a eagraíonn cluichí peile, iomána agus camógaíochta ag gach aois. Níl craobh Átha Cliath bainte ag na bpeileadóirí sinsir riamh, ach tá geansaí na foirne idirchontae caite ag roinnt imreoirí.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.