Cumann Rugbaí na hÉireann
Is é Cumann Rugbaí na hÉireann (Irish Rugby Football Union nó IRFU as Béarla) an eagraíocht a rialaíonn rugbaí in Éirinn - Poblacht agus Tuaisceart. Tá ceannoifig Chumann Rugbaí na hÉireann lonnaithe ag 10/12 Bóthar Lansdún, Droichead na Dothra i mBaile Átha Cliath.[1] Cluiche rugbaíIs cluiche fisiciúil an rugbaí. Tá an-tóir ar rugbaí in Éirinn. Maireann cluichí rugbaí ochtó nóiméad agus tarlaíonn an sos leath ama tar éis daichead nóiméad.[3] Tá cúig imreoir déag ar fhoireann rugbaí.[3] Tá seacht n-ionadach ar fáil gach cluiche.[3] Caithfidh an fhoireann na pointí is mó a scóráil chun an cluiche a bhuachan. Tá an pháirc rugbaí 100 méadar agus tá sé seachtó mhéadar ar leithead.[3] Is féidir pointí a scóráil ceithre bhealach éagsúla:
StairBunú an ChumainnBunaíodh an chéad Chlub Peile Rugbaí in Éirinn sa bhliain 1854.[4] Is é Club Peile Ollscoil Bhaile Átha Cliath (Béarla: Dublin University Football Club) an t-ainm agus bunaíodh é i gColáiste na Tríonóide.[5] D'fhoghlaim mic léinn ón ollscoil seo faoi rugbaí den chéad uair má d’fhreastail siad ar scoileanna poiblí Béarla.[4] Bunaíodh ocht bhfoireann rugbaí eile sa 19ú haois.[4]
Ó 1874 go 1879 bhí dhá chumainn rugbaí in Éirinn. Bhí Cumann Peile na hÉireann i gceannas ar chlubanna i gCúige Laighean, i gCúige Mumhan agus cuid den gCúige Uladh.[4] Bhí Cumann Peile Thuaisceart na hÉireann i gceannas ar chlubanna i mBéal Feirste.[4] Imríodh an chéad chluiche idirnáisiúnta in Éirinn i gcoinne Shasana ar 19 Feabhra 1875.[13] Bhí dhá imreoir déag as Cúige Laighean agus ochtar imreoirí as Cúige Uladh ar an bhfoireann.[4] Sa bhliain 1879, tugadh na cumainn i gceann a chéile in aon chumann amháin agus bunaíodh Cumann Rugbaí na hÉireann ar an cúigiú lá de mhí Feabhra sa bhliain 1879.[4] Ag an am seo, chuaigh Cúige Uladh, Cúige Laighean agus Cúige Mumhan isteach i gCumann rugbaí na hÉireann. Bhí an cruinniú seo ar siúl i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.[14] Ag an gcruinniú seo bhí W.C. Neville, J.G. Cronyn agus W.J. Goulding i láthair.[14] Is duine tábhachtach é W.C Neville mar bhí sé ina chaptaen ar fhoireann na hÉireann agus níos déanaí toghadh ina huachtarán ar an gCumann Rugbaí na hÉireann.[14] Cuspóirí an ChumainnAg an gcruinniú tháinig an dá chumann ar chomhaontú.[14] De réir théarmaí an chomhaontaithe:
Sa bhliain 1885, chuaigh sé fhoireann is fiche (as gach cearn d'Éirinn) isteach i gCumann Rugbaí na hÉireann.[4] Tháinig deich bhfoireann as Cúige Uladh. Tháinig naoi bhfoireann as Cúige Laighean. Tháinig seacht bhfoireann as Cúige Mumhan.[4] Bunaíodh an fhoireann Chonnacht sa bhliain 1885. Coiste Chumann Rugbaí na hÉireannTá údarás ag Cumann Rugbaí na hÉireann ar gach club rugbaí in Éirinn.[15] Ba é Diúc Abercorn an chéad Uachatarán an chumainn sa bhliain 1874.[16] Páirc rugbaíStaid Bóthar LansdúnBhunaigh Henry Wallace Doveton Dunlop an staid sa bhliain 1872.[17] Bhí an staid suite i nDroichead na Dothra, Baile Átha Cliath.[17] Ba é an staid idirnáisiúnta is sine ar domhan é. Imríodh comórtais spóirt éagsúla sa staid seo. Tharla an chéad chluiche rugbaí sa bhliain 1876.[17] D’imir foireann Laighean agus foireann Uladh sa chluiche seo. D'imir Éire i gCorn an Domhain sa Rugbaí den chéad uair sa bhliain 1991.[17] Leagadh an staid sa bhliain 2007.[17] Cuireadh Staid Aviva in ionad Staid Bóthar Lansdún.[17] Staid AvivaTógadh Staid Aviva sa bhliain 2010.[18] Tá áit sa staid do 50,000 duine.[18] Tá an staid faoi chomhúinéireacht ag Cumann Rugbaí na hÉireann agus ag Cumann Peile na hÉireann.[18] Is staid idirnáisiúnta é. Imríonn foireann sacair na hÉireann agus foireann rugbaí na hÉireann sa staid seo.[18] Imríodh an chéad chluiche rugbaí sa staid ar an Satharn, an seachtú lá de Lúnasa sa bhliain 2010.[18] D'imir imreoirí as Cúige Laighean agus Cúige Ulaidh i gcoinne imreoirí as Cúige Chonnacht agus Cúige Mumhan.[18] Imríonn Club Peile Lansdún agus Club Peiile Wanderers sa staid Aviva freisin.[14] Tá údarás ag Cumann Rugbaí na hÉireann ar Pháirc Thuamhan i gcontae Luimneach agus ar Pháirc Cnoc an Fhéich[19] i mBéal Feirste.[14] ComórtaisComórtais idirnáisiúnta
Craobhchomórtais na gcúigí
An tSraith Náisiúnta
Lógó agus siombailíLógóÚsáideadh an sean-lógó chun rugbaí na hÉireann a léiriú ar feadh 134 bliana.[30] Sa bhliain 2009, rinne Cumann Rugbaí na hÉireann lógó nua.[30] Tá cosúlachtaí áirithe eatarthu mar bhí trí seamróga agus liathróid rugbaí le feiceáil ar an dá lógó.[30] Tá an lógó nua i bhfad níos nua-aimseartha ach ag an am céanna, tá béim mhór ar stair na hÉireann agus ar fhéiniúlacht Cumann Rugbaí na hÉireann.[30] BratachIs bratach ghlas é. Tá tábhacht shiombalach ag baint leis an mbratach mar tá suaitheantais na gceithre chúige ar an mbratach.[31] Tá an lógó "IRFU" scríofa ar an mbratach freisin.[31] Amhrán náisiúntaTá dhá amhrán náisiúnta rugbaí ann. Is é Amhrán na bhFiann an t-amhrán náisiúnta oifigiúil.[32] Ní sheinntear an t-amhrán seo ach ag cluichí baile. Ceiliúrann an t-amhrán seo neamhspleáchas na hÉireann ón mBreatain.[32] Mar thoradh tá a lán teannas ag baint leis an amhrán seo. De bharr, shocraigh Cumann Rugbaí na hÉireann amhrán nua a chruthú.[33] Scríobh Phil Coulter amhrán nua 'Ireland's Call' sa bhliain 1995.[34] Cantar é ag cluichí sa bhaile agus as baile.[32] Clubanna Rugbaí na hÉireannTá timpeall 60,000 imreoirí rugbaí in Éirinn.[4] Tá caoga a naoi gclub i gCúige Mumhan.[4] Tá naoi gclub déag i gCúige Chonnacht.[4] Tá seachtó a haon club i gCúige Laighean.[4] Tá caoga a sé club i gCúige Uladh.[4] Foireann rugbaí náisiúnta na hÉireannBunaíodh an fhoireann sa bhliain 1875.[14] Tá tríocha sé imreoirí ar scuad rugbaí na hÉireann.[35] Foireann Chlub na hÉireannBunaíodh an fhoireann seo sa bhliain 2006.[36] Tá an fhoireann seo comhdhéanta d’imreoirí rugbaí níos sine ó chlubanna éagsúla rugbaí na hÉireann.[36] D’imir siad a gcéad chluiche i gcoinne club Albanach.[36] [36] Foirne cúigeFoireann ChonnachtBunaíodh é sa bhliain 1885, nuair a tháinig sé chlub níos lú le chéile chun an fhoireann Chonnacht a bhunú.[37] Tá an fhoireann shinsearach cúige seo mar chuid de Chumann Rugbaí na hÉireann.[37] Is é Willie Ruane Príomhfheidhmeannach an chlub. Is é Ted Carty Uachtarán an chlub. Imríonn siad i bPáirc imeartha.[38] Tá áit sa staid do 7,500 duine.[38] Tá an club bunaithe i nGaillimh.[37] Foireann LaigheanBunaíodh é sa bhliain 1879.[39] Tá an fhoireann cúige seo mar chuid de Chumann Rugbaí na hÉireann. Imríonn siad sa staid Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath.[39] (Béarla RDS Arena).[40] Tá áit sa staid do 18,500 duine.[39] Foireann UladhBunaíodh é sa bhliain 1879.[41] Tá foireann Uladh ar cheann de na ceithre fhoireann cúige de Chumann Rugbaí na hÉireann.[41] Imríonn siad sa staid Kingspan i mBéal Feirste.[42] Tá áit sa staid do 18,000 duine.[41] Foireann na MumhanBunaíodh é sa bhliain 1879.[43] Tá foireann Mumhan ar cheann de na ceithre fhoireann cúige de Chumann Rugbaí na hÉireann.[43] Imríonn siad sa staid rugbaí Pháirc Thuamhan i gcontae Luimneach.[43] (Béarla: Thomond Park)[44] Tá áit sa staid do 25,600 duine.[43] Iontaobhas Carthanachta Chumann Rugbaí na hÉireannBunaíodh Iontaobhas Carthanachta Chumann Rugbaí na hÉireann sa bhliain 1978.[45] Bunaíodh é chun cabhrú le himreoirí rugbaí gortaithe. Faoi láthair tá tríocha hocht imreoir rugbaí le gortuithe a athraíonn a saol.[45] Tá gortuithe inchinne nó gortuithe dromlaigh ag na himreoirí seo.[45] Díríonn an charthanacht seo ar chabhrú leis na himreoirí seo.[45] Cuireann sé tacaíocht mhorálta agus tacaíocht airgid ar fáil do na himreoirí.[45] Féach freisinTagairtí
Information related to Cumann Rugbaí na hÉireann |