Tá peil (nó sacar) ar cheann de na spóirt is sine ar domhan.[2] Tá aon imreoir déag ar an bhfoireann peile.[2] Tá cúl báire amháin ann.[2] De ghnáth bíonn ceathrar cosantóirí, ceathrar imreoir lár páirce, agus beirt tosaithe.[3] Tá seacht n-ionadach ar an binse na n-ionadaithe i ngach cluiche.[2] Is féidir le gach foireann trí ionadach a ainmniú i ngach cluiche.[2] Tá réiteoir amháin beirt agus maor líne i ngach cluiche.[2] Maireann cluichí peile nócha nóiméad agus tarlaíonn an sos leath ama tar éis daichead a cúig nóiméad agus faigheann na himreoirí sos cúig nóiméad déag.[2] De ghnáth bíonn an pháirc peile céad fiche slat ar fad agus tá sé seachtó cúig slat ar leithead.[2]
Scóráil
Is é aidhm an chluiche cúil a scóráil.[2] Chun cúl a scóráil caithfidh an liathróid a bheith os cionn na líne.[2] Chun an cluiche a bhuachan caithfidh an fhoireann níos mó cúil a scóráil ná an fhoireann eile.[2] De bharr seo faigheann siad trí phointe.[4] Má thagann deireadh leis an gcluiche agus scóráil an dá fhoireann an líon céanna cúil, faigheann an dá fhoireann pointe amháin.[4] Mura bhfuil aon cúil scóráilte sa chluiche ní fhaigheann siad aon phointí.[4]
Rialacha peile
Cic pionóis - Tugtar pionós nuair a tharlaíonn imirt fhealltach nó liathróid láimhe taobh istigh den bhosca.[5]
Cic cúinne - Tarlaíonn sé seo nuair a thosaíonn an fhoireann atá ag cosaintan liathróid thar an líne chúil.[5] Faigheann an fhoireann eile seans scór ó chiceáil na liathróide ó choirnéal na páirce.[5]
Cic amach - Thosaíonn an cúl báire an liathróid ó líontán an chúl báire.[5]
Caitheamh isteach - Nuair a thosaíonn foireann an liathróid thar teorainn, faigheann an fhoireann eile an liathróid a chaitheamh isteach.[5]
Stair an Chumainn
Bunú an Chumainn Peile na hÉireann
Bhunaigh clubanna i mBéal Feirste Cumann Sacair na hÉireann (Béarla: IFA) sa bhliain 1880.[6] Tar éis sin imríodh peil go príomha i dtuaisceart na hÉireann mar go raibh ceanncheathrú Chumann Sacair na hÉireann lonnaithe i mBéal Feirste.[6] Bunaíodh an Cumann Peile Bhaile Átha Cliatha sa bhliain 1883.[6] Chonacthas forbairt na peile nuair a bunaíodh an Cumann Peile Laighean sa bhliain 1892.[6]
Ní raibh clubanna atá lonnaithe i bPoblacht na hÉireann sásta leis an mbainistíocht mar cheap siad go raibh an bhainistíocht i bhfabhar imreoirí ó thuaisceart na hÉireann.[6] Tharla Éirí Amach na Cásca ag an am seo.[6] De bharr sin bhí náisiúnachas Éireannach tábhachtach do go leor daoine agus thosaigh clubanna i ndeisceart na hÉireann ag éileamh níos mó ó Chumann Peile na hÉireann.[6] Bhí díomá le feiceáil nuair a d’fhág trí chlub léig na hÉireann.[6] D'fhág Club Peile Bóithéimeach (Béarla: Bohemians), Club Peile St James Gate agus Club Peile Shíol Bhroin (Béarla: Shelbourne)[7] sraithchomórtas na hÉireann.[6] Ach d’imir siad i gcomórtais coirn.[6] D'imir an fhoireann Shíol Bhroin i gcoinne an fhoireann Bhéal Feirste i gcoirn Cumann Peile na hÉireann sa bhliain 1921.[6] Cluiche cothrom a bhí ann agus shocraigh Cumann Sacair na hÉireann (Béarla: IFA) go ndéanfaí an cluiche a athimirt i mBéal Feirste arís.[6] Dhiúltaigh an fhoireann Shíol Bhroin imirt i mBéal Feirste toisc go raibh siad ag iarraidh an cluiche a imirt i mBaile Átha Cliath.[6] Shocraigh siad gan an cluiche a imirt arís agus chaill siad an cluiche.[6] Tharla cruinniú ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an gcéad lá de Mheitheamh 1921 toisc nach raibh an Cumann Peile Laighean agus an Cumann Peile Mumhan sásta eis an mbainistíocht i mBéal Feirste lena gcinneadh faoin an cluiche a imirt arís i mBéal Feirst.[6] Ag an gcruinniú seo scar clubanna i mBéal Feirste agus clubanna sa phoblacht toisc nach raibh siad in ann ceart a bhaint dá chéile agus bunaíodh Cumann Peile na hÉireann (Béarla: FAI).[6] Tá na sé chontae is fiche de phoblacht na hÉireann faoi údarás Cumann Peile na hÉireann.[6] Bunaíodh an eagraíocht seo chun cluiche peile in Éirinn a fheabhsú, a fhorbairt agus a spreagadh.[8] Cosnaíonn an eagraíocht seo na baill agus an cluiche peile ó mhí-úsáid.[8]
Tharla cruinniú ar siúl i halla Theach Laighean i mBaile Átha Cliath.[6] Ag an gcruinniú seo bunaíodh sraith na hÉireann.[6] Ba iad an fhoireann St James Gate an chéad fhoireann a bhuaigh an comórtas seo.[6] Ar dtús bhí go leor deacrachtaí ag an eagraíocht tiosc nár grúpa peile aitheanta iad in Éirinn agus mar thoradh air sin ní raibh siad in ann imirt i gcluichí idirnáisiúnta.[6] Sa bhliain 1923 chuir An Comhaontas Idirnáisiúnta Sacair (Béarla: FIFA) fáilte roimh chumann peile na hÉireann mar bhaill oifigiúla.[6] Sa bhliain 1926 ghlac Éire páirt i gcluichí agus i gcomórtais idirnáisiúnta. D’imir Éire an Iodáil dá gcéad chluiche idirnáisiúnta.[6] Tharla an cluiche seo i gcathair san Iodáil agus chaill Éire an cluiche seo.[6] Toisc go raibh dhá chumann peile in Éirinn bhí go leor mearbhaill ann maidir le cluichí idirnáisiúnta.[6] Bhí conspóid ann mar chreid Cumann Sacair na hÉireann nach bhféadfadh Cumann Peile na hÉireann ach imreoirí as poblacht na hÉireann a roghnú le himirt ina gcluichí idirnáisiúnta.[6] Ach phioc Cumann Sacair na hÉireann imreoirí ó phoblacht na hÉireann agus tuaisceart na hÉireann chun imirt ina gcluichí idirnáisiúnta.[6] Mar thoradh air sin d’imir go leor imreoirí i gcluichí idirnáisiúnta d’fhoireann IFA agus d’fhoireann FAI araon.[6]
Imríodh an chéad chluiche baile in Éirinn i mí Aibreáin sa bhliain 1927.[6] Bhí suas le 20,000 ag an gcluiche i staid Bóthar Lansdún.[6] D’imir Éire i gcoinne an Bheilg agus bhuaigh siad a gcéad chluiche sa bhliain 1928.[6]
Comhairle agus bord Chumann Peile na hÉireann
I measc chomhlachtaí comhairleacha Chumann Peile na hÉireann tá:
Comhairle Chumann Peile na hÉireann.[9] - Tagann an páirtí le chéile chun uachtarán nua agus baill nua coiste a thoghadh.[9] Déanann siad na cinntí laethúla, na cinntí stiúrthóra agus na cinntí tábhachtacha.[9]
An Fhoireann Riaracháin Chumann Peile na hÉireann.[9]
An Bord Bainistíochta.[9] Is é Gerry McAnaney Uachtarán an Chumainn agus is é Paul Cooke Iar-Uachtarán an chumainn.[9] Tá siad ar an mbord bainistíochta.[9]
Is é Mark Russell Stiúrthóir Tráchtála agus Margaíochta an chumainn.[10]
Suaitheantas Chumann Peile na hÉireann
Tá an lógó 'Ireland' scríofa ar an suaitheantas.[11] Tá dathanna an chlub (glas, bán agus oráiste) agus liathróid le feiceáil ar an suaitheantas freisin.[11] Cuireadh an seamróg san áireamh i sean suaitheantais Chumann Peile na hÉireann.[12]
Ceanncheathrú Chumann Peile na hÉireann
Bhí an seancheanncheathrú lonnaithe ag 80 Cearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath.[13] D'aistrigh an eagraíocht seo a cheanncheathrú sa bhliain 2007.[13] Tá an cheanncheathrú nua lonnaithe san ionad spóirt náisiúnta i mBaile an Aba.[13]
Ionad oiliúna náisiúnta Chumann Peile na hÉireann
Bunaíodh Ionad oiliúna náisiúnta Chumann Peile na hÉireann sa bhliain 2015.[14] Tá sé lonnaithe ar an gCampas Náisiúnta Spóirt.[14] Tá cúig pháirc peile agus páirc uile-aimsire amháin ann.[14]
Staid pheile
Páirc Cnocán Uí Dhálaigh
D’imir an fhoireann Saorstát Éireann a gcéad chluiche baile i Páirc Cnocán Uí Dhálaigh[15] ar an séú lá déag de mhí an Mheitheamh sa bhliain 1924.[16] Bhuaigh siad an cluiche.[16] D’imir an fhoireann Phoblacht na hÉireann sa pháirc seo ochtó dhá uair.[16] Thosaigh an fhoireann Phobhacht na hÉireann ag imirt sa staid Bóthar Lansdún toisc go raibh Páirc Cnocán Uí Dhálaigh róbheag.[16] Imríodh an cluiche peile idirnáisiúnta deireanach sa Pháirc Cnocán Uí Dhálaigh an an dara lá déag de mhí Mheán Fómhair sa bhliain 1990.[16]
Staid Bóthar Lansdún
Bhunaigh Henry Wallace Doveton Dunlop an staid Bóthar Lansdún i 1872.[17] Bhí an staid lonnaite i nDroichead na Dothra, i mBaile Átha Cliath.[17] Bhí áit sa staid do 49,000 duine.[18] Tharla an chéad pheil idirnáisiúnta ar an seachtú lá déag de mhí an Mhárta sa bhliain 1900.[17] D'imir an fhoireann Phoblacht na hÉireann i gcoinne Sasana.[17] Sa bhliain 1981, d’fhreastail 48,500 lucht leanúna ar chluiche idirnáisiúnta ag an staid.[18] Ba é an tinreamh peile ba mhó.[18] Leagadh an staid sa bhliain 2007 agus tógadh Staid Aviva ina áit.[18]
Páirc an Chrócaigh
D'imir an fhoireann Phoblacht na hÉireann sa staid seo nuair a bhí an Staid Aviva á thógáil.[19] Tharla an chéad chluiche peile sa staid seo ar an gceathrú lá is fiche de mhí an Mhárta sa bhliain 2007.[19] D'imir Éire i gcoinne An Bhreatain Bheag i gCraobhchomórtais na hEorpa.[19]
Staid Aviva
Tógadh Staid Aviva sa bhliain 2010.[20] Is staid idirnáisiúnta spóirt é.[20] Tá áit sa staid do 51,700 duine.[20] Imríonn foireann Peile na hÉireann agus foireann rugbaí na hÉireann cluichí baile sa staid seo.[20] Bíonn ceolchoirmeacha ar siúl sa staid seo freisin.[20] Imríodh an chéad chluiche peile ar an Máirt, an ceathrú de Lúnasa sa bhliain 2010.[21] D'imir an fhoireann Manchain Aontaithe i gcoinne foireann sraithe.[21] Bhí an chéad chluiche peile idirnáisiúnta ar siúl Dé Céadaoin an t-aonú lá déag de Lúnasa sa bhliain 2010.[21] D'imir an fhoireann Phoblacht na hÉireann i gcoinne An Airgintín.[21]
Foireann Sacair Phoblacht na hÉireann
Is é Seamus Colemancaptaen na foirne.[22] Tá seacht n-imreoir is fiche ag foireann Sacair Phoblacht na hÉireann.[23]
Craobhchomórtais na hEorpa - Is comórtas idirnáisiúnta peile é.[24] Imríonn baill d’Aontas na gCumann Peile Eorpach nó UEFA sa chomórtas seo.[24] Bhí Craobhchomórtais na hEorpa ar siúl den chéad uair sa bhliain 1960.[24] Tosaíonn cáiliú don chomórtas seo dhá bhliain roimh an gcluiche ceannais ar siúl.[24]
Corn Sacair an Domhain - Is é an comórtais is mó a bhfuil tóir air sa domhan iomlán.[25] Bhí Corn Sacair an Domhain ar siúl den chéad air sa bhliain 1930.[25] Bhunaigh an Comórtas Idirnáisiúnta Sacair an comortais seo.[25] Tarlaíonn sé gach ceithre bliana. Imríonn tríocha a dó foireann sa chomórtas seo.[25] Díbríodh Éire sna babhtaí ceathrú ceannais.[26]
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.