In ainmhithe, is í an inchinn ionad riartha an chórais lárnaigh néaróige, atá taobh thiar d'iompar an ainmhí. Is cuid den néarchóras lárnach í in ainmhithe le siméadracht dhéthaobhach, a comhordaíonn is a rialaíonn cuid mhaith de ghníomhaíochtaí na colainne.
Sa cholainndhaonna, chomh maith le rialú na gluaiseachta, brath ionchuir chéadfaigh, agus raon leathan próiseas fiseolaíochta, feidhmíonn sí mar orgán smaointeoireachta agus cuid mhaith réigiúin tiomnaithe d'fheidhmeanna intleachtúla ar leith (mar shampla, urlabhra, áireamh, measúnú, déanamh cinntí).[1]
Is í an inchinn an ball beatha is mó tábhacht agus, b’fhéidir, is lú a bhfuil tuiscint againn air.[2]
Feidhm
Tá an inchinn suite sa chuas cráiniach, cosanta ag blaosc an chinn, agus i ngiorracht do threalamh príomhúil céadfach; radharc, éisteacht, cothromaíocht, blas agus boladh. Tá inchinn ag na veirteabraigh ar fad, agus tá inchinn lárnaithe ag formhór na n-inveirteabrach. Tig leis an inchinn a bheith an-chasta. Mar shampla, tá thart ar 23 billiún néarón san inchinn dhaonna, agus gach ceann acu sin ceangailte le suas le 10,000 néarón eile.
an tuil-inchinn (na leathsféir cheirbreacha is an déeinceifilean),
an lár-inchinn, agus
an iar-inchinn (an ceirbrín, an pons is an medulla oblongata).
Tá sí leanúnach le corda an dromlaigh ag an medulla oblongata (cuid de stoc na hinchinne).
Cuimsíonn sí na leathsféir chráiniacha agus stoc na hinchinne cuasa (na méadailíní) atá leanúnach le canáil lárnach chorda an dromlaigh, agus is istigh ansin a tháirgtear an sreabhán ceirbrispíonach.
Tagann 12 phéire néaróg chráiniach amach as an inchinn freisin, ag dul síos corda an dromlaigh chuig orgáin is fíocháin sa cholainn.
Neamhord
I measc na neamhord, na ngalar is na n-ionfhabhtuithe a fhaigheann an inchinn tá stróc, pairilis cheirbreach, néaltrú, titimeas, hidriceifealas, agus meiningíteas. D'fhéadfadh sé nach n-aithneofaí an neamhord ar feadh na mblianta.
Tagairtí
↑Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).