Fuair iarrthóirí ó Fhianna Fáil 14% den vóta sna toghcháin áitiúla 2024 i gcomparáid le 4% d’iarrthóirí Fhine Gael, 4% do Pháirtí an Lucht Oibre, 20% d’iarrthóirí Sinn Féin agus 18% d’iarrthóirí ón eite chlé.
Seo an dáilcheantar ina mbíodh Pat Carey[2] (FF) ina Theachta Dála nó gur chaill sé a shuíochán in 2011 ach bhí aiséirí déanta ag Fianna Fáil nuair a thoghadh McAuliffe in 2020. D’éirigh le McAuliffe (FF) a shuíochán a bhaint de Noel Rock (FG). Ba iad na vótaí aistrithe a fuair McAuliffe ó Rock sa gcomhaireamh deireanach a chroch fear Fhianna Fáil thar an gComhairleoir Conor Reddy (PsB).[3]
Olltoghchán 2024
San Olltoghchán 2024, bhí na teorainneacha athraithe go mór ó 2020, agus thart ar 10,000 vóta aistrithe go Fine Gall Thiar ar lámh amháin agus thart ar 8,000 vóta tugtha isteach sa dáilcheantar ó Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh. Bhí an líon suíochán mar a chéile.[3]
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.