Baile Átha Cliath Theas-Lár (Dáilcheantar)

Bosca Geografaíocht PholaitiúilBaile Átha Cliath Theas-Lár

Suíomh
Map
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iaraonán críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1948
Aitheantóir tuairisciúil

Is Dáilcheantar 4 suíochán é Baile Átha Cliath Lár-Dheisceart.

Catherine Byrne, FG, 2015
Joan Collins, 2011
Máire Devine, 2015

Toghcháin

Olltoghchán 2016

San Olltoghchán 2016, toghadh mar Theachtaí Dála Catherine Byrne (Fine Gael), Bríd Smith (Dlúthphartíocht–Pobal Roimh Bhrabús), Aengus Ó Snodaigh (Sinn Féin) agus Joan Collins (Independents 4 Change nó Right to Change). Theip ar Eric Byrne (LO) agus Catherine Ardagh (FF).

Catherine Ardagh, FF

Olltoghchán 2020

San Olltoghchán 2020, toghadh mar Theachtaí Dála Patrick Costello (CG), Bríd Smith (Dlúthphartíocht–Pobal Roimh Bhrabús), Aengus Ó Snodaigh (Sinn Féin) agus Joan Collins (Independents 4 Change). Bhí Aengus Ó Snodaigh (SF), urlabhraí Gaeilge a pháirtí, ar bharr an chomhairimh in 2020 le 17,015 vóta, beagnach dhá chuóta, ach ní raibh ag Sinn Féin ach an t-aon iarrthóir amháin, bainistiú mí-éifeachtach ag an am. Bríd Smith (PsB) agus Joan Collins (R2Ch) is mó a fuair vótaí aistrithe uaidh agus toghadh an bheirt acu, a bhuíochas do Shinn Féin. Theip ar Catherine Ardagh (FF) aon uair amháin eile.[1]

Sna toghcháin áitiúla 2024 ní mórán tacaíochta a bhí ag iarrthóirí Fhianna Fáil (8%) ná ag iarrthóirí Fhine Gael (4%) sa gceantar i gcomparáid le 18% ag iarrthóirí ó Shinn Féin; 5% araon ag an Lucht Oibre agus 8% ag an gComhaontas Glas. Bhí 22% ag iarrthóirí eile ar an eite chlé.[1]

Olltoghchán 2024

San Olltoghchán 2024, sheas ochtar déag iarrthóirí, ina measc triúr de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020: Aengus Ó Snodaigh (SF), Joan Collins (R2Ch) agus Patrick Costello (CG). D'éirigh Bríd Smith (PsB) as: ina háit bhí Hazel de Nortúin[2] (PsB agjs cainteoir Gaeilge).[1]

Toghadh Catherine Ardagh (FF) ar dtús in 2024. Ansin toghadh Ó Snodaigh, a chomhghleacaí ó Shinn Féin Máire Devine, agus Jen Cummins ó na Daonlathaithe Sóisialta ar an 15ú comhaireamh gan an cuóta a bhaint amach.[3]

Féach freisin

Tagairtí

  1. 1.0 1.1 1.2 Donncha Ó hÉallaithe (28 Samhain 2024). "Beirt chainteoirí Gaeilge le suíochán a fháil I ndeisceart Bhaile Átha Cliath, tabharfaidh aire na Gaeltachta na cosa léi" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-28.
  2. Fuair 1,304 vóta sna toghcháin áitiúla 2024 i mBaile Formaid-Droimeanach. Is cainteoir líofa Gaeilge í Hazel de Nortúin a chloistear ar Raidió na Gaeltachta anois is arís. Bhí sí gníomhach i bhfeachtas le Gaelscoil nua a bhunú i mBaile Formaid.
  3. "TUAIRISC BHEO: Fine Gael fágtha ar an trá fholamh i gCiarraí" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-12-01). Dáta rochtana: 2024-12-01.