Mar oifigeach i gCoiste na Státslándála KGB ón mbliain 1975 go dtí 1991 chaith Putin na blianta sa DDR (Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine, 1985-1990).
Ar an 28 Iúil 1998, d'éirigh Putin ina cheannaire ar Sheirbhís Uile-Rúiseach na Slándála FSB (a lean an KGB). D'fhan sé sa phost sin go dtí Lúnasa1999[2].
Mar phríomh-aire, bhí meas mór ag na Rúisigh ar Putin mar gheall ar an gcaoi a ndearna sé bainistíocht ar an ionsaí a rinne an Rúis ar an tSeisnia, nuair a d'fhógair muintir na tíre sin neamhspleáchas, agus iad ag iarraidh dealú a fháil ón Rúis.
D'éirigh Eiltsin as a phost an 31 Nollaig, 1999, agus ceapadh Putin mar Leas-Uachtarán (le feidhmiú mar Uachtarán) ar an Rúis. Bhuaigh Putin an toghchán sa bhliain 2000.
Uachtarán
Ar go leor bealaí, ceannaire as an ngnáth é Putin. Bhí sé cuibheasach óg sa bhliain 2000, go háirithe i gcomparáid leis na seanfhondúirí a bhíodh ag rialú an stáit Shóivéadaigh. Staonann sé ón mbiotáille, agus tá an-suim aige i gcúrsaí spóirt — tá sé ag cleachtadh júdó óna chéad óige. Is ball den Eaglais Cheartchreidmheach Rúiseach é, agus deir formhór na dtráchtairí nach ag magadh a bhí sé nuair a thiontaigh sé ina Chríostaí. Chomh maith leis an Rúisis, tá Béarla agus Gearmáinis aige, agus é beagnach chomh líofa le cainteoir dúchais sa dá theanga. Tá bean agus beirt chlainne ag Putin.
Má d'fhéach Eiltsin le bua a bhreith ar oidhreacht spioradálta an Aontas Sóivéadach, tá a mhalairt dearcadh ag Putin ar an tréimhse sin i stair na tíre. Fiú na hainghníomhartha a rinne an rialtasCumannach, is cuid thábhachtach iad den stair as ar fáscadh Rúis an lae inniu, dar leis. Agus níl mórán fonn air ach an oiread locht a fháil ar an deachtóir brúidiúil úd Stalin. Cuid de na siombailí náisiúnta Sóivéadacha a caitheadh i dtraipisí i mblianta uachtaránachta Eiltsin, tugadh isteach arís iad le caoinchead Phutin, mar shampla an bhratach mhíleata dhearg, armas na "Réalta Sóivéadaí" agus an t-amhrán náisiúnta Sóivéadach (cé gur athraíodh na focail).
Bhain páirtí Putin, Páirtí na Rúise Aontaithe mórbhua amach sna toghcháin pharlaiminte sa bhliain 2003. Dúirt tuairisceoirí eachtrannacha go raibh an toghchán é féin féaráilte, ach go ndearna lucht na meán cumarsáide, a bhíonn faoi thionchar an rialtais den chuid is mó, go háirithe an teilifís náisiúnta, bolscaireacht mhillteach ar mhaithe le páirtí an rialtais, gan cead cainte a fhágáil ag na páirtithe eile ach ar éigean.
An 24 Feabhra2004, níos lú ná mí roimh na toghcháin, ruaig Putin a phríomh-aire, Michail Kasianov, agus an chomh-aireacht Rúiseach ar fad as a bpoist, agus chuir sé Victor Christséincó ina áit mar phríomh-aire feidhmitheach. Ar 1 Márta, d'ainmnigh sé Michail Fradcov chun an phoist.
An 14 Márta2004, reáchtáladh toghcháin Uachtaránachta, agus bhain Putin amach an dara bua, nó ghnóthaigh sé 71% de na vótaí. Arís, bhí feachtas ollmhór ar an teilifís náisiúnta Rúiseach, ach deirtear go raibh an toghchán é féin cothrom.
Ní cheadaítear faoi Bhunreacht na Cónaidhme dul don phobal den tríú huair. I ndiaidh thoghcháin pharlaiminte 2003 ghnóthaigh Putin móramh sách mór leis an mBunreacht a athrú, ach tugadh comhairle do Phutin gan a bheannacht a thabhairt don athrú seo ag an am.
Mar sin, ó 2008 go dtí 2012, bhí Putin ina "Chathaoirleach" na Cónaidhme.
Bhí ollbhua ag Putin i dToghchán Uachtaránachta na Rúise 2024. Vótáil 88% den lucht vótála ina fhabhar, creid nó ná creid. A chúigiú téarma oifige a bhí á lorg ag Putin. D'fhág an toradh seo go mbeadh sé ina Uachtarán ar an Rúis go dtí 2030.[5][6]
Breithmheas
Deirtear uaireanta go raibh dhá dhream ag obair ar an gCreimlín sna 2000idí:
Ceann amháin is ea na 'sílovicí', atá fós ann, nó lucht na láimhe láidre, agus baint acu leis an eite is náisiúnaí den arm agus de na seirbhísí míleata.
Is éard a bhí sa cheann eile, ar a dtugtar 'an Chlann', ná daoine a bhí ceangailte leis an iar-Uachtarán Boris Eiltsin agus na fir chumhachtacha ar éirigh chomh geal leo lena ré.
Ba mhinic a raibh easaontas idir an dá dhream seo, mar shampla nuair a cuireadh an dlí ar Michail Chodorkovskí (Khodorkovsky), an mórghróintín artola, a theith an Rúis sa bhliain 2013.[7]
Duine eile a bhí ceangailte leis an gClann ba ea an t-iar-Phríomh-aire Michail Kasianov (Kasyanov).[8] Chuaigh Kasianov i gcoinne rabhadh Putin gan baint leis an scéal, agus chuir sé in iúl go raibh an-imní air faoin dlí a bheith á chur ar Chodorkovskí. Sa bhliain 2022 theith sé agus bhí sé ina chónaí i Riga in 2023.
Léiriú
Iad sin atá claonta le Vladimir Putin, is maith leo a áitiú gur chum déantóirí na scannán Harry Potter Dobby in íomhá an uachtaráin Rúisigh d'aon turas.
Daria Marchenko, ealaíontóir as an Úcráin. Tháinig cáil uirthi nuair a nochtadh 'The Face of War' sa bhliain 2015, portráid de Putin. Rinneadh iarracht í a fhuadach níos déanaí.