Ba i réigiún na Measapatáime, idir an Eofrait agus an Tígris, a cuireadh tús le roinnt de na sibhialtachtaí is ársa ar domhan, na Suiméaraigh, na Bablóinigh agus na hAsaírigh. Tar éis a bheith faoi cheannas na Peirse ar feadh i bhfad, ghabh na hArabaigh seilbh ar an réigiún sa bhliain 656, agus aistríodh an Chailifeacht go dtí an chathair nua í mBagdad sa bhliain 762 (in aice leis an Bhablóin ársa). Bhí Bagdad ina príomhchathair don domhan Arabach ar feadh na gcéadta bliain go dtí gur chuir an Impireacht Otamánach an ceantar faoi chois sa bhliain 1534.
Thosaigh an Cogadh na Murascaille dá bharr Bhí an bua ag na gComhguallithe sa deireadh ar an 28 Feabhra1991, ach níor cuireadh an ruaig ar Saddam Hussein. Agus iad ag teitheadh ó Chuáit, dhóigh na hIarácaigh a lán de na tobairola atá go flúirseach sa tír seo.
Ar an 19 Márta2003 chuir an chomhghuáillíocht tús leis an gcogadh in aghaidh na hIaráice. Chuaigh Tony Blair agus George W. Bush glan i gcoinne na tuairime a bhí ag na Náisiúin Aontaithe gur cheart fanacht níos faide agus nár cheart ionsaí a dhéanamh ar an Iaráic de bharr na tubaiste a d’fhéadfadh tarlú.[3]
Is iomaí tuairim fós faoi cad chuige a rinne siad é, agus cé atá freagrach as an gcinneadh tubaisteach sin.[4]
I mí Aibreáin 2010, chuir WikiLeaks físeán d'eachtra a tharla sa bhliain 2007 inar mharaigh fórsaí SAM sibhialtaigh hIaráice agus iriseoirí, ar a dtugtar Collateral Murder.