Státaire Casacach is ea Nursultan A'bis'uly Nazarbaev a rugadh ar 6 Iúil1940. B'é an chéad uachtarán ar an gCasacstáin ó 1991-2019.[1] Ceapadh é mar Chéad Rúnaí Pháirtí Cumannach na Casacstáine sa bhliain 1989 nuair a bhí an Chasacstáin fós ina poblacht de chuid an Aontais Shóivéadaigh, agus toghadh é ina uachtarán ar an tír sa bhliain 1991 i ndiaidh don Chasacstáin a neamhspleáchas ón Aontas Sóivéadach a bhaint amach. Tá an teideal 'Ceannaire an Náisiúin' bronnta air.[2] In Aibreán na bliana 2015, atoghadh Nazarbaev mar uachtarán le beagnach 98% de na vótaí.
Cuireann roinnt eagraíochtaí cearta daonna sárú cearta daonna ina leith, agus dar leis The Guardian, tá easaontas curtha faoi chois agus rialachas forlámhach ar siúl aige. San Iarthar, ní ghlactar go raibh toghchán ar bith sa tír ón neamhspleáchas saor ná cothrom.[3] Sa bhliain 2010, d'fhógair sé céimeanna leasaithe chun córas ilpháirtí a chur ar siúil.[4] In Eanáir na bliana 2017, chuir an tUachtarán Nazarbaev leasuithe bunreachtúla i bhfeidhm a bhronnfadh cumhachtaí ar Pharlaimint na Casacstáine.[5]
A luathshaol
Rugadh Nazarbaev in Chemolgan, baile beag faoin tuath gar do Almaty, nuair a bhí an Chasacstáin ina poblacht Shóivéadach. Oibrí bocht de chuid teaghlach rachmasach a athair gur coigistíodh maoin an teaghlaigh agus an comhsheilbheachas á chur i réim faoi na Sóivéadaigh sna 1930idí. Ina dhiaidh sin, thug a athair an chlann isteach sna sléibhte le saol fáin a leanúint. Ag deireadh an Dara Cogadh Domhanda, thug a athair an chlann ar ais go Chemolgan agus thosaigh Nursultan ag foghlaim na Rúisise.
Nuair a chuir Nazarbaev críoch lena chuid meánscolaíochta, chaith sé bliain faoi oiliúint i muileann cruach. Chaith sé blianta ag obair sna muilte cruach in Karaganda sa Chasacstáin agus d'fhreastail sé ar ranganna in Institiúid Pholaiteicnice Karaganda. Sa bhliain 1962 chuaigh sé i bPáirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh, ar dtús mar bhall de Léig Cumannach na nÓg. Thosaigh sé ag obair go lánaimseartha don pháirtí, ag baint tairbhe as a thaithí ag réiteach fadhbanna sna muilte. Sa bhliain 1984, ceapadh é mar Phríomh-Aire na Casacstáine faoi Dinmukhamed Kunayev, Chéad Rúnaí Pháirtí na Casacstáine.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.