University Challenge
Clár tráth na gceist de chuid an BBC[1] is ea University Challenge. In 2025, mac léinn as Baile Átha Cliath a bhí i gceannas ar fhoireann ó Ollscoil Cambridge a fuair an bua i gceann de na comórtais is measúla agus ina bhfuil an iomaíocht is géire ar an teilifís. B’é Oscar Despard a bhí ina chaptaen ar fhoireann Choláiste Chríost in Cambridge, nuair a thug siad an lá leo i gcluiche ceannais University Challenge ar an 12 Bealtaine 2025. Dálta ilchumasach a bhí ann, de réir a iarphríomhoide, i Sandford Park School,[2] BÁC. Bhí sé go mór mór gnóthach i ndíospóireachtaí trí Ghaeilge, trí Bhéarla, agus trí Fhraincis, agus é ar meánscoil. Ba mhian a chroí é páirt a ghlacadh sa tráth na gceist cáiliúil, ar a mbíodh sé ag amharc lena mháthair le linn a óige.[3] ![]() Bíonn an scoil an-ghníomhach i ndíospóireachtaí Ghael Linn agus bhí Oscar ar dhuine den fhoireann a chuaigh chomh fada le Craobh na hÉireann sa mbliain 2021. Chaithfeadh go bhfuil Gaeilge sách maith aige ar ábhar eile, bhí sé ar dhuine de bheirt a ghnóthaigh 9 H1 san ardteist an bhliain sin.[4] Féach freisinTagairtí
|