Breitheamh agus polaiteoir Éireannach ab ea Tom O'Higgins (23 Iúil 1916 – 25 Feabhra 2003). Bhí sé ina bhall d'Fhine Gael.
Saol
Fuair O'Higgins a chuid oideachais ag Coláiste Mhuire, Ráth Maonais, ag Coláiste Coill Chluana Gabhann, ag Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus Óstaí an Rí. Glaodh chun an Bharra é i 1938 agus chun Bharra na Sinsear i 1954.[1]
Bhí a mhuintir gníomhach i bpolaitíocht na hÉireann, agus ó 1948 go 1973, bhí sé in TD d'Fhine Gael i dtoghcheantar na Laoise-Uibh Fháilí.
Ó 1954 go 1957, bhí O'Higgins ina Aire Sláinte sa dara comhrialtas agus bhunaigh sé an córas Árachais Sláinte Saorálaigh (ASS).
Bhí O'Higgins ina iarrthóir ar Uachtarán na hÉireann sna toghcháin uachtaránachta i 1966 agus arís sa bhliain 1973.[1]
I 1973 ceapadh O'Higgins ina Bhreitheamh Ard-Chúirte. I 1974 ceapadh é ina Phríomh-Bhreitheamh agus bhí an oifig sin aige go dtí 1985.
I 1985 ceapadh é ina Bhreitheamh ar Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach (ECJ). I 1996 d'fhoilsigh sé a chuimhní cinn, dar teideal A Double Life.
Fuair sé bás i 2003.
Cásanna
I measc na gcinntí ba thábhachtaí dá chuid bhí:
seasamh le bunreachtúlacht an Bhille Cumachtaí Práinne, 1976 tar éis don Uachtarán (Cearbhall Ó Dálaigh) an bille a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí;
An Stát (Lynch) v. Cooney (1982), nuair a seasadh le cosc reachtúil ar chraoltaí ag aon duine a bheadh ag lorg tacaíochta do Shinn Féin san olltoghchán a bhí le teacht; agus
Norris v. an Ard-Aighne (1983), nuair a seasadh le bunreachtúlacht reacht phíonóisigh a chuir cosc ar iompar homaighnéasach idir fir thoilteanacha go príobháideach.[1] De réir mar a mhínigh O'Higgins, “…on the grounds of the Christian nature of our state and on the grounds that the deliberate pratice of homosexuality is morally wrong…”[2][3]