Polaiteoir Éireannach ab ea Billy Fox (3 Eanáir 1939 – 12 Márta 1974). Bhí sé ina bhall d'Fhine Gael. Dúnmharaigh an tIRA Sealadach é. Ba é Billy Fox an t-aon Chomhalta de Thithe an Oireachtais a dúnmharaíodh le linn Thrioblóidí Thuaisceart Éireann.[1]
Mar TD, cháin Fox arm na Breataine as urchair phlaisteacha a úsáid le haghaidh smachtú gráscair agus as cráitéir a chur in ‘bóithre neamhcheadaithe’ cois teorann. Tharraing sé poiblíocht náisiúnta nuair a cuireadh le forneart ó sheomra na Dála é le linn díospóireacht Dála i mí na Nollag 1971 nuair a chuir sé dhá urchar phlaisteacha agus ceanastar de ghás CS ar taispeáint, a mhaígh sé a scaoileadh trasna na teorann ag fórsaí na Breataine.”
Tar éis dó a shuíochán a chailleadh in 1973, toghadh é ina Sheanadóir ar an Rolla Saíochta agus Oideachais.[1]
Dúnmharú
Ar an 11/12 Márta 1974 dhúnmharaigh Sealadaigh an IRA é le gníomh díchéillí foréigin nuair a tháinig sé ar ruathar ar theach feirme an teaghlaigh Coulson, i dTír Chuanna, Contae Mhuineacháin. Ní raibh ach 35 bliana slánaithe aige tráth a bháis.[1]
Cuimhneachán
Osclaíodh Páirc Cuimhneacháin Seanadóir Billy Fox i 1977, suite i nDroim Coinín, Co Muineacháin.
Nochtadh portráid de Billy Fox a i dTeach Laighean ar an 10 Iúil 1974.[1]
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.