Is cathair san Iodáil í Pavia (Lombairdis: Pavia; Laidin: Ticinum), atá suite ar an Abhainn Ticino. Tá sí suite i dtuaisceart na tíre, 35 ciliméadar ó Milano.
Is í Pavia príomhchathair Cúige Pavia agus cónaíonn timpeall 71,000 daoine sa chathair, a lán mic léinn ina measc. Tá clú agus cáil ar an gcathair, mar gheall ar an ollscoil den scoth atá inti, Ollscoil Pavia.
Stair
Sa 14ú haois, socraíodh cleamhnas idir Lionel d'Anvers (Iarla Uladh, agus 'leasrí' ar Éirinn) agus Violante Visconti[1] san Iodáil; misean taidhleoireachta ollmhór agus uile-Eorpach a bhí ann, a thóg dhá bhliain chun ullmhú. Iníon tiarna Pavia agus Milano, Galeazzo Visconti ab ea inti.
Cúpla mí níos déanaí, fuair Lionel bás agus bhí putóga Lionel curtha i Pavia, socrú a d'iarr Lionel ina uacht agus tiomna deiridh.[2][3][4]
Féach freisin
Tagairtí