Cathair Iodálach is ea Trieste (Laidin: Tergeste, Gearmáinis agus canúint Réata-Rómainis Friuli: Triest, na teangacha Iúgslavacha: Trst) agus í suite in aice le teorainn na Slóivéine. Chaith James Joyce seal ina chónaí ansin, i dtús na fichiú haoise, agus é ag múineadh Béarla lena chuid a shaothrú. Is í Trieste príomhchathair réigiún Friuli-Venezia Giulia.
Is síol faoi thíreolaíocht na hIodáile é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.