Is cathair agus port í Ancona (ón nGréigis: Ἀγκών - Ankon) i réigiún Marche ar chósta lár na hIodáile. Tá thart ar 101,210 daoine ina gcónaí ann. Is í Ancona príomhchathair cúige Ancona agus an réigiúin.
Tá an chathair súite 280 km soir ó thuaidh ón Róimh, ar an Muir Aidriad, idir na sléibhte Monte Conero, Monte Astagno agus Monte Guasco.
Is í Ancona ceann de na poirt is tábhachtaí ar an Muir, go háirthe ó thaobh tráchta paisinéara de agus í i gcroílár geilleagar an réigiúin.
| Is síol faoi thíreolaíocht na hIodáile é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |