Margaret Mac Curtain
Siúr Dhoiminiceach, staraí, scríbhneoir, oide agus feiminí Éireannach ab ea Maighréad Ní Churtáin nó Margaret Mac Curtain (17 Bealtaine 1929 – 5 Deireadh Fómhair 2020).[1][2][3] Bhí gníomhréim acadúil dhearscnaitheach ag Maighréad agus d'fhoilsigh sí réimse fairsing ábhar i réimse na staire, tionchar na mban i gcomhthéacs na staire agus ról na mban in Éirinn ach go háirithe. SaolRugadh Margaret Mac Curtain sa bhliain 1929 i gCorcaigh. B'iad Seán agus Ann Mac Curtáin a tuismitheoirí. Bhain sí céim BA amach in Ollscoil na hÉíreann i gCorcaí agus chuaigh sí isteach san Ord Doiminiceanach, agus an tSr Benvenuta mar ainm oird uirthi. Ba sí gníomhach i mbunú Choláiste Sinsir Bhaile Formaid agus ba í an chéad phríomhoide ar an scoil sin agus bhí sí ina prióir ar Chlochar Chnoc Síon i mBaile Átha Cliath.[4] Bhain sí Ph.D amach sa bhliain 1964 agus sa bhliain chéanna thosaigh sí ag obair sa Roinn Staire i gColaiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath. Bhí sí ansin go ndeachaigh sí ar scor i 1994. Bhí sí ina hollamh chomh maith i Scoil an Léınn Éireannaigh ó 1972 go 1989.[4] Idir na blianta 1968-1973 b'é a héacht nó mórghníomh ná foilsiú na sraitheanna leabhar staire faoi chlúdach bog 'History of Ireland' le Gill & McMillan. Rinne sí comheagarthóireacht le James Lydon, ar an tsraith faoi Stair na hÉireann agus scríobh sí Tudor and Stuart Ireland. I gcomhar le Mark Tierney, scríobh sí The Birth of Modern Ireland (1969) a bhíodh ina théacsleabhar ag lucht na hArdteiste. Bhí Ollúnacht Burns sa Léann Éireannach i gColáiste Boston aici ó 1992 go 1993. Bronnadh bonn óir Chumann Ghaeil Bhostúin uirthi i 1993 as a saothar ar stair mhná na hÉireann.[4] Staid na mbanÍ féin agus Donnchadh Ó Corráin a rinne eagarthóireacht ar Women in Irish Society: the Historical Dimension (1978). I measc na saothar eile dá cuid tá – Women in Early Modern Ireland, From Dublin to New Orleans: Nora and Alice’s Journey to America 1888, Grace Gifford Plunkett and Irish Freedom (2000) agus Ariadne’s Threads: Writing Women into Irish History.[4] GaeilgeRinne Mac Curtain obair ar thuarascáil Treoir 2000 faoin mbail a bhí ar an nGaeilge ag deireadh an 20ú haois.[4] Leabharliosta
Naisc sheachtrachaTagairtí
|