Mapa Okinawa
Réigiún, Maoracht , agus oileán de chuid na Seapáine is ea Okinawa (Seapáinis: 沖縄県), nó i dteanga Okinawa, Uchinā (ウチナー). Tá Okinawa suite i ndeisceart na tíre. Tá 1,416,587 duine ina gcónaí in Okinawa (meastachán 2020). Is é Naha príomhchathair na maorachta.
Stair
1879 - Cúige Ryukyu curtha ar ceal, bunáiodh maoracht Okinawa. Ba é Nabeshima Naoyoshi an chéad gobharnóir.
1945 - Cath Okinawa (an Dara Cogadh Domhanda ),
1951 - Douglas MacArthur curtha as oifig.
1952 - bunáiodh Rialtas na n-Oileán Ryukyu (Féinrialtas fé Mheiriceá).
1970 - Círéib Koza.
1972 - Filleadh Okinawa (Okinawa tabhartha ar ais go Seapáin).
1975 - Eachtra Thúr Himeyuri.
1995 - cailín 12 bliain d'aois sáraithe ag saighdiúirí Meiriceánacha).
2000 - Comhdháil an G8 in Okinawa.
2002 - bunáiodh Uisceadán Churaumi Okinawa, an t-uisceadán is mó ar domhain go dtí 2005.
2004 - Tuairteáil Héileacaptair ar Choláiste Idirnáisiúnta Okinawa.
2019 - Caisleán Shuri ar thine .
Cultúr
Creideamh
Spás Utaki
Is é Sinteóchas Ryukyu creideamh dúchais Okinawa. Reiligiúin anamach is ea é go bunúsach
Tá an Búdachas i bhfad níos laige in Okinawa i gcomparáid leis an mórthír. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda tháinig an Chríostaíocht .
Teanga
Teanga Ryukyu, uchināguchi (沖縄口) - canúint na Seapáinise
Seapánais Okinawa, uchināyamatoguchi (沖縄大和口) - teanga laethúil
Seapáinis - Úsáidtear an caighdeán sna meáin, sna scoileanna agus in institiúidí poiblí.
Bia
Bia Traidisiúnta
Soba Okinawa
Chanpurū (méile suaithfhriochta)
Soba Okinawa (núdail agus anraith)
Āmui, nó Awamori (deoch alcólach, 30~43%)
Abasā (iasc Diodontidae )
Gurukun (iasc Pterocaesio digramma )
Bia Okinawa-Mheiriceánach
Taco Rice (mairtfheóil taco ar rís)
Ubh Muicfheóla (Liamhás agus ubh sicín)
Mairtfheóil Leasaithe
Burgar Mairtfheóla
Uachtar Reóite
Campbell Soup (Anraith i gcanna)
Spam (Muicfheóil i gcanna)
Root Beer
Tagairtí
Limistéir Riaracháin na Seapáine