Réigiún de chuid na Seapáine is ea Kantō (関東地方). Tá sí suite i lár na tíre, timpeall Bhá Thóiceo, ar oileánHonshu. Bhí 42,607,375 duine ina gcónaí i Kantō (daonáireamh 2010). Tá seacht Maoracht san Reigiún seo, is iad: Gunma, Tochigi, Ibaraki, Saitama, Tóiceo, Chiba, agus Kanagawa.
Maraíodh b'fhéidir 143,000 duine, in iomlán. Leagadh foirgnimh, bhuail súnámaí an tír agus chuaigh na cathracha trí thine.[1] Bhí an iliomad dóiteán ann, a scaipeadh ag na gaotha láidre, agus scriosadh sean-Tóiceó is Yokohama.
Sin ráite, ní raibh ann ach 7.9 ar an scála méide na móiminte agus tharla creathanna talún eile a bhí i bhfad níos láidre, roimh 1923 agus ina dhiaidh, gan an costas céanna.
Níos déanaí, bhain réabadh ollmhór sóisialta. D'éirigh an tsochaí sa tSeapáin níos coimeádaí agus tháinig an t-údarásaíochas chun cinn.[2]