Lev KopelevScríbhneoir, scoláire agus easaontóir Sóivéadach ab ea Lev Zinovyevich Kopelev (9 Aibreán 1912 - 18 Meitheamh 1997).[1] Saol![]() Giúdach ab ea Kopelev, agus d'fhoghlaim sé an Ghearmáinis ina bhuachaill óg, rud a chuidigh go mór leis nuair a chuaigh sé chun staidéar a dhéanamh ar léann na Gearmáinise san ollscoil i gCív san Úcráin. Bhí sé ina Chumannach dhílis, agus nuair a d'ionsaigh an Ghearmáin an tAontas Sóivéadach, chuaigh sé sna saighdiúirí. Ó bhí an Ghearmáinis go paiteanta aige, cuireadh i mbun na bolscaireachta é. Nuair a tháinig an tArm Sóivéadach go dtí an Ghearmáin, chonaic Kopelev saighdiúirí Sóivéadacha ag éigniú ban agus ag dúnmharú sibhialtaigh Ghearmánacha rompu, rud a bhain an-scanradh as. Bhí sé náirithe ag a mhuintir féin, agus d'fhéach sé leis na saighdiúirí a stopadh ó thuilleadh gníomhartha uafáis. Níor thaitin an dearcadh seo le lucht na seirbhísí rúnda. B'é deireadh an scéil gur gearradh téarma príosúnachta deich mbliana air sna campaí géibhinn. ![]() Chaith Kopelev an téarma agus corradh sna campaí, ach nuair a fuair Stalin bás, scaoileadh saor é. Fuair sé ar ais a chuid dintiúir mar Chumannach i ndiaidh na hóráide faoi choireanna Stalin a thug Khrushchev ag an bhfichiú hArd-Fheis de chuid Pháirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh. Chrom sé ar ais ar a chuid oibre mar shaineolaí ar an léann Gearmánach. EasaontasSna 1960idí, thosaigh Kopelev ag cur suim i ngluaiseacht na n-easaontóirí agus ag tréigint an Chumannachais. Nuair a d'fhorghabh an tArm Sóivéadach Poblacht na Seice sa bhliain 1968, rinne sé agóid ina aghaidh, agus caitheadh amach as an bPáirtí Cumannach é. Sa bhliain 1981, ruaigeadh Kopelev agus a bhean chéile as an Aontas Sóivéadach. Chuir siad fúthu sa Ghearmáin Thiar, áit a raibh cairde agus lucht aitheantais acu. Sa Ghearmáin dó, rinne Kopelev a dhícheall le maolú ar na réamhbhreithiúnais a bhí ag muintir na tíre sin i leith na Rúise, agus é ag iarraidh athmhuintearas agus comhthuiscint a chothú idir na Gearmánaigh agus na Rúisigh. In éineacht le Heinrich Böll, d'fhoilsigh sé cúpla leabhair comhrá, inar phléigh an bheirt acu na cuimhní cinn a bhí acu ón Dara Cogadh Domhanda, a chuir ag lámhach a chéile iad. Sa bhliain 1989, fuair Kopelev cead isteach sa Rúis arís, ach nuair a thaistil sé ar fud na tíre, agus é ag dul ar cuairt chuig seanchairde, chuir an tír coimhthíos air, agus an dóigh ar athraigh an seanfhód idir an dá linn. D'fhill sé go dtí an Ghearmáin, agus chaith sé deireadh a shaoil in Köln. Fuair sé bás ann sa bhliain 1997 in aois 85. Bhí galar corónach croí air.[2] Saothar
Tagairtí
|