Inherent Vice
Is úrscéal de chuid Thomas Pynchon é Inherent Vice (Gaeilge: Locht Bunaidh ) a tháinig amach in 2009. TeidealIs téarma sa Bhéarla é "inherent vice" a chiallaíonn fabht sa rud a chuireann an rud féin chun meatha. Achoimhre ar an bPlotaTá an scéal ann in Los Angeles in 1970. Is ar Larry "Doc" Sportello (príomhcharachtar an úrscéil agus bleachtaire príomháideach) a thagann Shasta Fay Hepworth (a sheanchailín) cuairt. Insíonn sí do Doc faoina stócach nua, Mickey Wolfmann, forbróir réadmhaoine atá an-saibhir agus pósta, agus faoin gcomhcheilg a chothaigh a bhean chéile agus an stócach aicise chun Mickey a fhuadach agus a chur i dteach na ngealt. Tá ar Doc ina dhiaidh sin a thosú ag fiosrú, go háirithe tar éis imeacht Mickey as amharc. Ar fud an scéil, bítear ag insint do Doc: "Fainic ar an Starrfhiacail Óir!" Athchóiriú ScannáinRinneadh scannán de in 2014 arbh é Paul Thomas Anderson a stiúrthóir. |