Gealladh Gráinne d'Fhionn ach chuir a aois déistin uirthi, agus, ag a gcóisir chleamhnais, rinne sí caidreamh le Diarmaid. Ar dtús, dhiúltaigh Diarmuid í de réir dílseachta d'Fhionn, ach chur sí geis air chun éalú léi. Chabhraigh athair altrama Dhiarmada Aonghas Mac Óg i rith a dteite fhada. I ndeireadh na dála, mhaith Fionn Diarmaid tar éis d'Aonghas a impí ar a son. Lonnaigh an bheirt i gContae Chiarraí agus rugadh cúigear páistí dóibh.
Na blianta ina dhiaidh, gortaíodh Diarmaid ag torc fiáin i mbun seilge le Fionn, a mhoilligh i mbun a leigheas go dtí go raibh sé ródhéanach. Tá leaganacha éagsúla sna téacsanna maidir le bearta Gráinne as sin amach. Nó chaoin sí a fear céile go dtí go bhfuair sí féin bás; nó, chuir sí a mic faoi mhionn díoltas a bhaint ar Fhionn; nó fós, mhaith sí Fionn nó phós sí é fiú.
De réir an staraí, Peter Berresford Ellis: "Is ... duine baoth í Gráinne, ceanndána, neamhthrócaireach agus díograiseach, mar a ghlaoitear sa lá atá inniu ann néaróiseach."[1]
Caidrimh thriúir
I miotaseolaíocht, faightear roinnt scéalta bunaithe ar thriantán an ghrá idir fear óg, bean óg agus seansuiríoch, an Tóraíocht ina measc. Is é an triantán idir Naoise, Deirdre agus Conchobar mac Nessa sa Rúraíocht an ceann is cáiliúla, b'fhéidir. Faightear an t-ábhar céanna i gcultúir eile, go suntasach i seanscéal Artúrach. Tá cosúlachtaí ann idir Tóraíocht agus Tristan and Iseult, agus go pointe áirithe an caidreamh idir Lancelot agus Guinevere.