Suiríoch Mhuirne, iníon an draoiTadg mac Nuadat, ab ea Cumhall, ach dhiúltaigh Tadhg é, agus dá bharr d'éalaigh seisean agus Muireann. Rinne Tadhg achainí ar an Ard Rí na hÉireann, Conn Cétchathach, a chuaigh ar tóir Chumhaill. Maraíodh Cumhall i gCath Cnucha[1] ag Goll mac Morna, a ceapadh ina cheannaire na bhFiann. Bhí Muireann ámh cheana féin torrach le mac Chumhaill.
Deirtear go bhfuil uaigh Chumhaill le fáil i láthair Choláiste Chaisleán Cnucha (meánscoil do bhuachaillí), ar chnocán ar a bhfuil anois seantúr uisce.
Sanasaíocht
Nó ghlactar anois le hiarrachtaí Cumhall a nascadh le Camulus, dia ceilteach an chogaidh, aitheanta ó inscríbhinní an ré Rómhánaigh. Óir gur banghiolla í cumhal,[2] d'fhéadadh é áfach gur ggh athair uasal d'Fhionn chun a shinsearach chosmhuintir a cheilt. Mar mhalairt air sin, feictear i roinnt luath-théacsanna go dtugtar an t-ainm "Fionn mac Umaill" ar an laoch, amhail is gurbh "Umall" ainm a athar.