Is éard atá i gceist leis an teideal Fianṡruth Fionn (Meán-GhaeilgeFianṡruth (Find)) ná dhá liosta in ord aibítre d'ainmneacha na Fiannaíochta, ó ré na Meán-Ghaeilge. I Leabhar Buí Leacáin amháin atá siad ar marthain, a théann siar go dtí an dóú haois déag.[1] Maíonn Gerard Murphy go mb'fhéidir gur cuireadh tús leis an gcnuasach chomh luath leis an aonú haois déag.[2] I dteannta na liostaí, ar a dtugtar ar A agus B, tá réamhrá. I measc na 170 ainm, isteach nó amach, atá iontu, ní fhaightear líon mór dóibh i bhfoinsí eile, ainneoin go bhfuil líon eile de lucht aitheanta na Fiannaíochta, amhail is Fergus Finnbél, in easnamh.
Lámhscríbhinní
Liosta A: LBL (lch. 119a ff), le teideal: “It e annso anmann muntire Find .i. fiandsroth fian Find u(i) Baiscne”
Liosta B: LBL (lch. 325a), le teideal: “Fianruth Fiand inso”
Teideal
Is féidir an chiall seanchas na bhFiann a bhaint as an teideal fian-ṡruth. Mar a chuir Stern in iúl, feictear an focal sa Dinnseanchas Aoi, mar cheann de na seánraí liteartha nár chóir a aithris ag Aonach Charmain:
Seachas i bhfoirm macasamhála, ní foilsíodh liosta na n-ainmneacha fós. Seo a leanas an réamhrá do liosta B (difríochtaí i dtaca le liosta A idir lúibíní), aistriúchán Gearmáinis le Ludwig Stern, agus aistriúchán Nua-Ghaeilge:
Meán-Ghaeilge
Nua-Ghaeilge
Iar ngabail rigi nErend do Cormac hua Cuind 7 iar nindarpa Lugaid Meiccon 7 iar ndith Fergusa Dub-detaig ... roboi cain Cormaic for Erind co 'adbal 7 co dirímh, gur ba lan in Eire dia cheithernaib. Is e ropa thaiseach teglaig 7 ropa cheand deorad 7 amhus 7 cech ceithirne archena[10] la Cormac Find mac Cumaill, conad friusin atberat in daescar-sluag Fianna Find .i. rigfeindig, ised (is iat?) robatar fri laim Find forrusin. Erroi[11] nonbair cech fir dib 7 cerd manchuine[12] ut fuit la Coinculaind. Is e didiu Find ropa taisech foraib la cech rig airsuidhiu cin romair 7 Oiséne ina diaid; ar ni rabatar ceitherna rig Temrach ni bá deach ina occusin. It e v [13] na fiannasa fichset[14] (fichsetar A) cath Cuillenn (Chuili Cuilleann A) 7 cath Cliach 7 cath Comair-tri-nusci 7 cath Muigi Inis 7 cath slebi Mis 7 cath Luacra (slebe Luachrai A) 7 cath sidhe Feimin 7 cath Fea 7 cath Crinna 7 cath Sidhe-da-bolg. Ocus it e rofichsetar (dofichetar A) iarsuidiu Indsi Derglocha (derglacha A) a sidhib la Find hua Baiscne for Ruadhraidh mac Boidb 7 ri. (et for Dercthiu A). Nach rig (ri A) tra las andeachadar na fiannusa i cath no an irgail riam is rompu nomuidheadh[15] (is riam romeabaid for firu hErind A).
I ndiaidh a rinneadh Cormac mac Airt ina Ard-Rí na hÉireann, agus a díbríodh Lugaid mac Con agus a maraíodh Fergus Dubdétach ... bhí cáin ábhal[16] dírímh[17] Chormaic ar Éirinn, agus bhí Éire lán dá cheithearna.[18] Is taoiseach teaghlaigh agus ceannaire na ndeoraithe agus na n-amhas[19] agus gach ceithirne archeana[20] le Cormac é Fionn mac Cumhaill, ... a deirtear freisin an daoscairshlua Fianna Fhionn [iad], .i. ríthe na bhFiann faoi láimh Fhionn freisin. Bhí eire naonúir de gach fear díobh agus ceard manchaine[21] mar a bhí le Cú Chulainn. Agus bhí Fionn ina thaoiseach as sin amach le gach rí fad is a mhair sé, agus Oisín ina dhiaidh; agus ní raibh ceitherna rí na Teamhrach níos fearr ná 'sacusan. Throid na Fianna cath Cuillenn 7 cath Cliach 7 cath Comair-tri-nusci 7 cath Muigi Inis 7 cath slebi Mis 7 cath Luacra 7 cath sidhe Feimin 7 cath Fea 7 cath Crinna 7 cath Sidhe-da-bolg. Agus throideadar i ndiaidh sin (cath) Indsi Derglocha, an sidhe le Fionn Ó Baiscne, in éadan Ruadhraí mhic Bhoibh srl. Pé rí a chuaigh in aghaidh na bhFiann i gcath nó in iorghal, clíodh é.
Foinsí
Atkinson, Robert. Yellow Book of Lecan. Baile Átha Cliath, 1896. Eagrán macasamhla, ll. 119, 325.
Gwynn, Edward (eag. agus aistr.). The Metrical Dindshenchas. Iml. 3. Baile Átha Cliath: IAL-BÁC, 1906. Le fáil ar CELT.
Meyer, Kuno (réamhrá, eag. agus aistr.). Fíanaigecht, being a Collection of Hitherto Unedited Irish Poems and Tales Relating to Finn and his Fiana, with an English Translation. Todd Lecture Series 16. Baile Átha Cliath: IAL-BÁC, 1910.