Ba cheoltóir as Learpholl, Sasana é George Harrison MBE (25 Feabhra1943 – 29 Samhain2001). Bhain sé cáil amach mar ghiotáraí sa bhanna rac-cheoilThe Beatles i rith na 1960idí, agus mar cheoltóir aonair tar éis 1970. Bhí suim an-mhór ag Harrison i gceol agus gcultúr na hIndia, agus b'eisean a chuir an cultúr seo i láthair na Beatles, agus an suim go forleathan sa domhain thiar.
Saol
Bhí trialacha ar siúl i Learpholl ag John Lennon sa bhliain 1957 lena ghrúpa The Quarrymen. Taobh istigh de bhliain bhí beirt cheoltóirí eile i ndiaidh teacht isteach sa bhanna - George Harrison ar ghiotar san áireamh.[1]
Faoi shamhradh na bliana 1960, fuair na Beatles post leanúnach i gClub in Hamburg na Gearmáine. Cuireadh deireadh leis an chéad turas chun na Gearmáine nuair a cuireadh Harrison as an tír as bheith faoi aois (17 ag an am).
Sheinn Harrison príomhghiotár sa bhanna, ach b'iad John Lennon agus Paul McCartney na príomhchumadóirí. Bhí Harrison fíor-lag ar an ngiotár ar dtús agus ba mhinic a bhíodh ar McCartney é a stiúradh. D'fheabhsaigh sé thar na blianta agus thosaigh moltaí leanúnach McCartney ag cur fíor-chantal air.
I rith na mblianta thosaigh sé ag scríobh sár-amhráin, mar shampla Taxman ar a chas McCartney príomhghiotár, While My Guitar Gently Weeps ar a chas Eric Clapton príomhghiotár, Here Comes the Sun agus Something. Bhain Harrison cuid bheag de liricí James Taylor ina mhóramhrán, Something. Nuair a a d'fhiafraigh de Paul McCartney bunús a chinnidh a mhíniú, is nós leis a fhreagra a choimeád simplí: ‘Mheasas go raibh sé ar fheabhas’.[2]
Ar an 30 Nollaig1999 sáthadh George Harrison sa chliabhrach ina theach. Friar Park, in Oxfordshire.
Bhí Harrison trom ar an tobac.[3] Tháinig ailse scamhóige air agus fuair Harrison bás i Los Angeles i 2001. Scaipeadh luaithreach Harrison i mBenares, India tamaill ina dhiaidh.[4]
Oidhreacht
I 1994 bhí Paul McCartney, Ringo Starr agus George Harrison ag caint faoi thionscnamh díolaime ach bhraitheadar uathu John Lennon, a dúnmharaíodh breis agus deich mbliana roimhe sin. Chuir Ringo agus McCartney ábhar ceoil leis agus baineadh úsáid as ceol Harrison ó 1995. Ach d’imigh an ghaoth as na seolta go hiomlán nuair a cailleadh Harrison in 2001.[5][6]
Le linn athmheascadh an albaim don cheiliúradh 50 bliain, thug Paul McCartney suntas do ‘Within You Without You’, port George Harrison ar an album. ‘Paul closed his eyes, listened and said, ‘Hey, George was really good!’’ a dúirt Giles Martin.[7]
Bunaíodh an Liverpool Institute of Performing Arts i 1996 san fhoirgneamh ina mbíodh a mheánscoil, The Liverpool Institute - scoil a d’fhreastail Harrison ann fosta.[8]
Ceol
Ba é Ravi Shankar agus George Harrison a léirigh an t-albam Sacred Chants of India, albam a bhfuil fuinneamh neamhchoitianta ann.[9]
Is síolceoil é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.