Is téaduirlis é an dordghiotár. Tá sé cosúil le giotár, ach tá an gléas agus a chuid téide níos mó, le fuaim níos ísle. Sa phopcheol agus rac-cheol ó na 1950idí ar aghaidh, is é an dord an leath eile den lucht rithime - ag obair go cóngarach leis na drumaí - a chuireann bunús amhrán le chéile do na ceoltóirí eile.
Is minic atá 4 shreang ar an dord, atá tiúnta i gceathrú cosúil leis na chéad cheithre shreang ar an ngnáth-ghiotár ach sa chéad ochtach níos ísle. Is iad ainmneacha na sreanga seo E A D agus G. Ach úsáidtear uimhreacha difriúla sreanga ag dordghiotáraí nuair a bhíonn réimse níos mó nó fuaim éagsúil ag teastáil.
Stair an Dordghiotáir
Sa 1950idí, d'úsáidtí an dord dúbailte chun droichead a dhéanamh ó na drumaí go dtí na huirlisí eile i mbanna ceoil. Ach bhí fadhbanna leis an uirlis seo. Ar dtús, bhí sé mór. Tá timpeall sé troigh ar an dord dúbailte. Rinne sé seo deacair é a bhogadh ó áit go háit. Freisin, bhí sé deacair a sheinm. Gan stiallóga cosúil le giotár, bhí ar an seinnteoir a lán cleachta a dhéanamh chun nótaí a sheinm i dtiúin. Freisin, chuir sé strus mór ar lámha lena sreanga tiubha i bhfad ón méarbhord.
Is síolceoil é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.