Príomhfhoclóir na Gaeilge a chlúdaíonn an tréimhse roimh c. 1700, mar sin, an tSean-Ghaeilge, an Mheán-Ghaeilge, agus an Nua-Ghaeilge Mhoch is ea Dictionary of the Irish Language: Based Mainly on Old and Middle Irish Materials (ar a dtugtar “DIL” freisin). Is é Acadamh Ríoga na hÉireann a d'fhoilsigh an foclóir. Sa bhliain 1852 a shamhlaigh an bheirt teangeolaithe Gaeilge ba mhó le rá ag an am, Seán Ó Donnabháin agus Eoghan Ó Comhraí, foclóir cuimsitheach na Sean-Ghaeilge; áfach, bhí sé breis agus seasca bliain go dtí gur foilsíodh an chéad fhascúl (an litir D chomh fada leis an bhfocal degóir; Carl JS Marstrander a thiomsaigh) i 1913. Bhí breis is seasca bliain ann arís go dtí gur foilsíodh an fascúl deiridh i 1976 faoi stiúir E. G. Quin.
Tá thart ar 2500 leathanach san fhoclóir iomlán, ach foilsíodh dlútheagrán (ceithre leathanach laghdaithe ar aon leathanach amháin) i 1983 (ISBN0-901714-29-1), agus rinneadh cinneadh gan dul ar aghaidh le priontáil an eagráin lánmhéide.
eDIL
Mar thoradh ar thionscadal ar cuireadh tús leis in 2003,[1] seoladh eagrán ar líne den fhoclóir, ar a dtugtar electronic Dictionary of the Irish Language (nó “eDIL”), in Acadamh Ríoga na hÉireann ar an 27 Meitheamh 2007. Foireann Fhoclóir na Nua-Ghaeilge san Acadamh a d’eagraigh an seoladh.