Thosaigh Diarmuid ag seinm an ghiotáir agus é deich mbliana d'aois[5], ach níor thosaigh sé ag scríobh amhráin go dtí go raibh sé 14 bliana d’aois[6]. In a lán agallaimh a rinne sé leis na meáin, deir Diarmuid go raibh an-spéis aige sa sacar nuair a bhí sé óg agus ní raibh sé go dtí sé 17 mbliana déag d'aois a ghlac sé ceol dáiríre[7].
Bhí Cinnéide i mbanna ceoil Shadows & Dust ar feadh trí bliana[14] in éineacht lena dhlúthchara agus drumadóir faoi láthair Micheál Quinn[15]. D’eisigh siad a gcéad EP Every Year Forever an 7 Meitheamh 2013[16].
Thaifead Cinnéide trí EPeanna / traiceanna leis an airgead a thuill sé trí bhuscáil[17]. Eisíodh an EP Doves & Ravens an 14 Aibreán 2017[18] ina raibh 4 amhrán. Bliain ina dhiaidh sin, d’oibrigh sé le léiritheoir ceoil Mike Dean (aitheanta as a chuid oibre le hamhránaithe hip hop mar Kanye West[19]) chun an EP Mike Dean Presents : Dermot Kennedy[nasc briste go buan] a eisiúint an 6 Aibreán 2018, leaganacha d'amhráin Frank Ocean agus Drake san áireamh[20].
Chuir Spotify cor ina shaol[21]. Thosaigh sé ag uaslódáil a chuid amhrán ar Spotify, gan aon fhoireann bhainistíochta nó lipéad ceoil ag an am[22]. Bhí a amhrán After Rain le feiceáil ar an seinmliosta Discover Weekly ar Spotify i 2016. Chuir Taylor Swift an t-amhrán Boston ar a seinnliosta freisin, agus bhí a chuid ceoil ag dul i gcion ar phobal níos leithne mar thorradh[23].
I 2020, sceidealaigh sé camchuairt dhomhanda, ar fud na hÉireann, na SAM agus na Breataine Móire. Díoladh gach ticéad don chamchuairt na hÉireann taobh istigh de 24 uair[34]. Ach cuireadh siar ar chamchuairt mar gheall ar phaindéim Covid-19 go dtí 2021[35].
Bhí sé ar an eagrán bliantúil den Late Late Toy Show i 2020 gan fhios don cheoltóir óg Michael Maloney agus é ag canadh an amhráin Giants[36].
Le linn an dianghlasáil Covid-19, thug sé taispeántas os comhair lucht féachana ar líne ar fud an domhain sa Mhúsaem Náisiúnta Stair i Londain an 25 Iúil 2020[38]. Some Summer Night a bhí ar an imeacht, focail óna amhrán All My Friends[39]. Bhí Paul Mescal in éineacht leis[40].
Is é Without Fear (as Gaeilge : gan faitíos, gan eagla )an chéad albam ó Diarmuid Ó Cinnéide. Eisíodh an t-albam an 4 Deireadh Fómhair 2019[47]. Scríobh agus thaifead Cinnéide an chuid is mó den albam i Nua-Eabhrac.[48]
Ba é Without Fear an t-albam is sruthaithe de 2020 in Éirinn ar Spotify[49], agus bhain sé barr na gcairteacha amach. Tá sé ag uimhir a haon sna cairteacha na hÉireann don 25ú seachtain ón 26 Márta amach[50].
Dúirt Cinnéide gur deacair rogha a dhéanamh ar liricí amhrán is fearr leis, ach gurb é ‘there's beauty in being broken’ ón amhrán Without Fear an ceann is fearr leis[52].
Dúirt Cinnéide go minic gur spreag David Gray, Glen Hansard agus a leithéid é[53]. Tugann seánra hip hop an-inspioráid dó, agus dúirt sé gur meascán d'amhránaí is scríbhneoir agus hip hop a chuid ceoil. Chan sé leagan d'amhrán Kanye WestHeartless i 2018[54].
Ciallaíonn Diarmuid ‘without fear (gan eagla)’ sa Ghaeilge.
Gradaim
I 2018, bronnadh dó leis an cheoltóir nua is fearr de 2018 de chuid NPR Slingshot[55].
Mholadh sé do Choice Music Prize don amhrán Éireannach is fearr i 2020 leis a amhrán Giants, amhrán a chuir sé amach i rith paindéime Covid-19.[56]
Ainmníodh é do Ghradam Brit don cheoltóir aonair idirnáisiúnta is fearr i gcatagóir na bhfear i 2020[57].
Ba é Diamuid an chéad cheoltóir Éireannach a fuair uimhir a haon ag an Nollag le breis agus 15 bliana lena singil Giants i 2020[58].
I mí na Nollag 2020, bhí Diarmuid mar uimhir a haon sna cairteacha albam agus singilí, leis an albam Without Fear agus Giants[59].
Is amhránaí Éireannach í Deirdre Ní Chinnéide ar Inis Mór, agus is aintín Diarmuid í[62].
Is minic a labhraíonn Diarmuid faoin gcaoi ar spreag Inis Mór go leor dá chuid amhrán, agus rinneadh an físeán ceoil do For Island Fires & Family a scannánú ar Inis Mór[63].