Comhaontú Aoine an Chéasta

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtComhaontú Aoine an Chéasta
Cineálconradh síochána Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósAoine an Chéasta Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid dena Trioblóidí Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana10 Aibreán 1998 Cuir in eagar ar Wikidata
Teacht i bhfeidhm2 Nollaig 1999 Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Sínitheoir

Is é Comhaontú Aoine an Chéasta (a dtugtar Comhaontú Bhéal Feirste agus Comhaontú Stormont air freisin)[1] an comhaontú a shínigh rialtais na hÉireann agus na Breataine ar an 10 Aibreán 1998 le todhchaí pholaitiúil Thuaisceart Éireann a shocrú agus le deireadh a chur leis na Trioblóidí.[2]

Chuir muintir Phoblacht na hÉireann agus Thuaisceart Éireann a dtacaíocht in iúl in dhá reifreann ar an 23 Bealtaine, 1998.

Cúlra

1994ː An chéad sos comhraic

Ba é an chéad sos comhraic de chuid an IRA ar 31 Lúnasa 1994 a réitigh an bealach. Ba chor é nach raibh aon duine ag súil leis.[3] Ba é faoi ndear sos na nDílseoirí a fógraíodh sé seachtaine ina dhiaidh sin, ar an 13 Deireadh Fómhair 1994.[4]

Is chun an chéim chinniúnach sin sa bhliain 1994 a ghlacadh a rinneadh an obair mhór – le tiomantas Gerry Adams agus Martin McGuinness laistigh de ghluaiseacht na poblachta, ról John Hume ina chainteanna le Adams agus le rialtais na hÉireann, na Breataine agus Mheiriceá, chomh maith le diongbháilteacht Albert Reynolds. Lean scata ceannairí iad a raibh páirt mhór acu sa phróiseas polaitiúil ach ba é an chéad sos sin sa bhliain 1994 a réitigh an bealach.

Cé gur theip ar an dá shos cogaidh níos déanaí (sa bhliain 1996), chuir siad deireadh leis an bhforéigean mórscála sa Tuaisceart.[5]

Ar 9 Nollaig 1994. tharla cainteanna foirmeálta idir Rialtas na Breataine agus Sinn Féin don chéad uair, i gCnoc an Anfa, Béal Feirste.

1996ː Buamaí i Sasana

Ní raibh dhá bhliain imithe ó shíniú an tSos Cogaidh, nuair a chuir an tIRA ar ceal é ar an 9 Feabhra 1996. Níos deireanaí ar an lá céanna, phléasc buama leath-thonna i gceantar Canary Wharf i Londain, buama a rinne damáiste 85 milliún punt do lárionad airgeadais na cathrach agus a mharaigh beirt dhaoine.[6]

Bhí Sinn Féin den tuairim go raibh teipthe ar an sos cogaidh, toisc nach raibh Rialtas na Ríochta Aontaithe na comhchainteanna síochána a oscailt do na Poblachtánaigh sula ndíchoimisiúnódh an tIRA a chuid arm.

Tháinig tuilleadh buamálacha sna sála ag an gceann seo, go háirithe an ceann i Manchain a scrios limistéar mór i lár na cathrach ar an 15 Meitheamh 1996. B'é an t-ionsaí buamála ba mhó i stair na Breataine Móire i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Cé go rabhthas in ann líon na dtaismeach a íosmhéidiú, a bhuí is go raibh na seirbhísí éigeandála an-ghasta ag freagairt don réamhrabhadh teileafóin a tugadh don stáisiún áitiúil teilifíse, gortaíodh breis is dhá chéad duine mar sin féin. Bhí cuid acu taobh amuigh den teorainn slándála a cuireadh ar bun timpeall ar an áit dhainséarach.

1997ː An dara sos comhraic

Nuair a tháinig Tony Blair i gcumhacht sa Bhreatain i 1997 agus Bertie Ahern mar Thaoiseach, d’aontaigh an bheirt tabhairt faoi phróiseas na síochána in athuair. Ar an 19 Iúil 1997 d’fhógair an tIRA athnuachan a sos comhraic ó mheán oíche. Réitigh sé sin an bealach do pháirtíocht Shinn Féin i gcainteanna, do Chomhaontú Aoine an Chéasta agus do roinnt na cumhachta in Stormont.

Martin McGuinness agus Ian Paisley ag obair le chéile

Ullmhucháin

Ar dtús, I mí Mheán Fómhair 1997, bhí an chuma ag teacht ar an scéal go bhfágfaí Sinn Féin taobh amuigh. Ach shínigh Sinn Féin Prionsabail Mitchell, agus fuair polaiteoirí an pháirtí cead isteach sna comhchainteanna. B'iad na prionsabail seo ná:

  • go gcaithfeadh gach dream polaitiúil a bheith sásta leis go socrófaí na heasaontais pholaitiúla go síochánta;
  • go gcuirfeadh na paraimíleataigh a gcuid arm uathu;
  • go dtiocfadh coimisiún neodrach neamhspleách ag fíorú na dí-armála seo, agus go mbeadh gach dream polaitiúil sásta aitheantas agus cabhair a thabhairt don choimisiún sin;
  • nach rachadh aon dream i muinín na láimhe láidre le torthaí na gcomhchainteanna a athrú;
  • go mbeadh gach dream sásta leis na comhairlí a bheadh socraithe in éineacht;
  • agus go n-éireofaí as an dlí paraimíleata, is é sin, nach mbeifí ag bualadh daoine, á lámhachadh sa ghlúin ná á marú mar phionós as aon rud a mbeadh meas na coire air ag na paraimíleataigh. Is é sin, chaithfeadh na dreamanna go léir bheith sásta cúrsaí na póilíneachta, an dlí agus an phionóis a fhágáil faoi na húdaráis chuí.
comóradh 20 bliain: John Major agus Barry Andrews, Institute of International & European Affairs, 11 Nollaig 2018

Comhaontú

"Man Shot Dead" (Belfast Telegraph, 2000)
Póstaer

Ar taobh amháin, bhí David Trimble ina cheannaire ar an UUP idir 1995-2005, agus tuairimí an-docht aige i dtaobh an Aontachais.

Ar an taobh eile, bhí John Hume agus Séamus Mallon, de chuid an SDLP,, agus Gerry Adams agus Martin McGuinness de chuid Sinn Féin.

Tháinig athrú ollmhór ar mheon Trimble le linn 1997-1998 nuair a chonaic sé go raibh an tIRA i ndáiríre dul ar aghaidh leis an bpróiseas síochána. Léirigh an Trimbleach “crógacht thar na bearta” le linn na gcainteanna síochána, agus easaontas agus aighneas ina pháirtí féin, an UUP.[7]

Níos déanaí sa bhliain 1998, bronnadh Duais Nobel ar Trimble agus John Hume mar aitheantas ar an obair a rinne siad ar mhaithe le Comhaontú Aoine an Chéasta thabhairt ar an saol.  

An téacs

Sa Chomhaontú, cuireadh rialtas dúchais ar bun don Tuaisceart in athuair, agus é bunaithe ar phrionsabal na cumhachtroinnte.[8] Bunaíodh Feidhmeannas Comhchumhachta sa bhliain 1999, agus an ceithre pháirtí ba mhó páirteach ann, ina measc Sinn Féin.

Leasú eile ab ea bunú na seirbhíse nua poilíníachta, ar tugadh Seirbhís Póilíníochta Thuaisceart Éireann uirthi. Cuireadh de dhualgas ar an tseirbhís poilíníochta nua cuóta áirithe íosmhéide de Chaitlicigh a fhostú.

Ráigeanna trioblóide agus foréigin

Ní raibh na paraimíleataigh go léir sásta. Mar sin, scoilt grúpaí áirithe paraimíleata faoi cheist na síochána, agus tháinig dreamanna nua ar an bhfód a thosaigh ag cur a gcogaidh féin beag beann ar an gcomhaontú.

B'é Fórsa Óglaigh Uladh an chéad ghrúpa a thit as a chéile de dheasca an easaontais, nuair a bhunaigh na heasaontóirí drong úr, Fórsa na nÓglach Dílseach (LVF, Loyalist Volunteer Force) sa bhliain 1996.

I Mí na Nollag 1997, d'fheallmharaigh an tINLA Billy Wright, ceannaire na nÓglach Dílseach, agus mharaigh na Dílseoirí roinnt Chaitliceach le cor a thabhairt in aghaidh an chaim.

Príomhalt: Billy Wright

Thairis sin, chrom dhá ghrúpa easaontóirí de chuid an IRA, an tIRA Leanúnach (Continuity IRA) agus an Fíor-IRA (Real IRA) ar an mbuamáil, beag beann ar shos cogaidh na Sealadach.

I Mí Lúnasa 1998, mharaigh buama de chuid an Fhíor-IRA 29 sibhialtach san Ómaigh.

B'é seo an buama ba mheasa riamh ó thús na dTrioblóidí, agus is iomaí náisiúnaí Éireannach a ghlac col leis na heasaontóirí Poblachtánacha i ndiaidh an bhuama seo. Ghlac an tINLA féin leis an sos cogaidh i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta sa bhliain 1998.

Tharla uafás na hÓmaí i 1998 agus ionsaithe eile de chuid easaontóirí poblachtacha. Bhí an tIRA Sealadach agus na dílseoirí ón UVF, UDA agus RHC ciontach as eachtraí freisin.

Ó sin i leith, bhí cuid is mó den fhoréigean pharaimíleata dírithe ar an taobh istigh - mar shampla, in áit a bheith ag ionsaí na gCaitliceach, bhí na sceimhlitheoirí Protastúnacha, cuir i gcás, ag ionsaí Protastúnaigh, más Protastúnaigh den chineál "mhícheart" iad ar chúis éigin. D'éirigh ina chogadh dearg idir an UDA agus an UVF faoi dhó ón mbliain 2000 i leith. Thairis sin, bhí "briogáidirí" éagsúla an UDA ag cur cogaidh ar a chéile ó am go ham, ó theastaíonn ó gach duine acu an churadhmhír a fháil de bhrabús na coiriúlachta proifisiúnta a bhíonn idir lámhaibh ag na sceimhlitheoirí.

Ní raibh na hÓglaigh Phoblachtánacha chomh sáite céanna san fhaicseanaíocht eatarthu féin. Ach glactar leis gur mharaigh an 'Fíor IRA' Donncha Mac Dónaill, duine a d'admhaigh go raibh sé ag spiaireacht don Rialtas Briotanach sna 1980idí agus sna 1990idí.

Cuireadh i leith na Sealadach freisin go raibh siad ag imeaglú daoine agus, fiú, á marú ar chúiseanna pearsanta. Mar shampla, maraíodh fear óg darbh ainm Robert McCartney sa bhliain 2005, i ndiaidh achrainn i dteach tábhairne le daoine a bhí ina mbaill den IRA Sealadach.

21 haoisː athmhuintearas agus seicteachas

Cé go bhfuil na sceimhlitheoirí éirithe as, a bheag nó a mhór, is iad na páirtithe is antoiscí a bhfuil ag éirí leo sna toghcháin ó síníodh an Comhaontú.

Cuireadh Feidhmeannas Thuaisceart Éireann agus Tionól Thuaisceart Éireann ar fionraí sa bhliain 2002, nuair a tháinig an scannal Stormontgate chun solais

Sa bhliain 2007, d'aontaigh Ian Paisley agus Gearóid Mac Ádhaimh rialtas comhchumhachta a chur ar bun.[9]

Níos deireanaí, bhaileodh Sinn Féin neart, gheobhadh siad an ceann is fearr ar an SDLP agus dhíreodh an páirtí ar a fheachtas uile-Éireann le dúil cumhacht a bheith acu thuaidh agus theas.

Chuir an tIRA Sealadach in iúl go raibh an chuid ba mhó dá gcuid arm tine díchoimisiúnaithe ó Lúnasa-Meán Fómhair 2005, agus nach raibh siad ábalta a thuilleadh oibríochtaí mórscála a chur i gcrích.

Is é Sinn Féin an páirtí is mó ar an taobh Caitliceach inniu, agus tá Páirtí Aontachtach Uladh níos laige ná an DUP (Páirtí Aontachtach Daonlathach). Thairis sin, níor bhain blianta na síochána mórán den tseicteachas, agus tá críochdheighilt na gceantar idir na Protastúnaigh agus na Caitlicigh fós ann.

Tá ábhar dúshláin nár comhlíonadh fós i bprionsabail agus in aidhmeanna eile an Chomhaontaithe: comhpháirtíocht, comhurraim agus comhionannas do chearta sibhialta, polaitiúla agus cultúir, saoirse ó leithcheal, athmhuintearas, agus fógairt chearta mhuintir an Tuaiscirt a bheith aitheanta mar a roghnaíonn siad mar Éireannaigh nó mar Bhriotanaigh.[10]

Féach freisin

Naisc sheachtracha

Tagairtí

  1. ar a dtugtar Comhaontú Aoine an Chéasta ag roinnt daoine agus Comhaontú Bhéal Feirste ag daoine eile
  2. "Na meáin Ghaeilge, Aoine an Chéasta 1998" (ga-IE). Tuairisc.ie (1990). Dáta rochtana: 2023-04-10.
  3. alphahis (2020-09-16). "The 1994 ceasefire" (en-US). Northern Ireland. Dáta rochtana: 2022-07-19.
  4. Póilín Ní Chiaráin (1 Meán Fómhair 2019). "An lá sin thoiligh Martin McGuinness bualadh liom féin agus comhghleacaí faoi rún…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-19.
  5. Claire Simpson (2017-07-20). "20th anniversary of landmark 1997 IRA ceasefire" (en). The Irish News. Dáta rochtana: 2022-07-19.
  6. "1996 Docklands bombing" (as en) (2022-05-01). Wikipedia. 
  7. "David Trimble, buaiteoir Duais Nobel na Síochána, tar éis bháis" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-26.
  8. "Power sharing" (as en) (2022-05-12). Wikipedia. 
  9. "Paisley and Adams agree power sharing deal" (en). The Irish Times (Bealtaine 2007). Dáta rochtana: 2022-07-20.
  10. 10.0 10.1 Cathal Mac Coille (8 Aibreán 2023). "Ní raibh oiread measa riamh ag iriseoirí ar pholaiteoirí is a bhí an lá sin ag Stormont…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-10.
  11. Cliodhna Ní Mhianáin (6 Aibreán 2023). "25 bliain den tsíocháin agus den chodladh sámh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-06.
  12. Eoghan Ó Néill (5 Aibreán 2023). "‘Ní raibh mian níb uaisle ná ba chraiceáilte ná an tsíocháin lenár linn’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-06.
  13. Póilín Ní Chiaráin (5 Aibreán 2023). "Cuimhnigh ar líon na ndaoine atá beo inniu nach mbeadh d’uireasa an Chomhaoantaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-06.
  14. Máirín Ní Ghadha (7 Aibreán 2023). "Dá fheabhas an Comhaontú, níl aghaidh tugtha fós ar chuid de bhunchúiseanna na coimhlinte" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-10.
  15. Breandán M Mac Gearailt (8 Aibreán 2023). "Blas ‘Reeling in the Years’ ar uairibh ar chlár críochnúil faoin gComhaontú" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-10.
  16. Claire Hanna (10 Aibreán 2023). "‘Ní raibh ionam ach déagóir, ach d’aithin mé ionracas, uaisleacht agus fírinne John Hume’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-10.
  17. Pól Ó Muirí (10 Aibreán 2023). "‘Ní mar cháipéis pholaitiúil a shamhlaím é faoin am seo ach mar théacs fealsúnachta’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-10.
  18. Pól Mac Donncha (10 Aibreán 2023). "Ag tuairisciú ó Stormont do RnaG an lá a síníodh an Comhaontú…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-10.
  19. Fionntán de Brún (9 Aibreán 2023). "‘Mar sheasamh polaitiúil, tá rás an aontachtais rite’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-10.
  20. Póilín Ní Chiaráin (9 Aibreán 2023). "Ba chosúil go raibh ré órga i ndán d’ailtirí an Chomhaontaithe – an SDLP agus an UUP…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-10.
  21. Ciarán Ó Cualáin (7 Aibreán 2023). "Suite chun boird le Eugene McCabe agus John McGahern, Aoine an Chéasta, 1989…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-10.
  22. Tomaí Ó Conghaile (8 Aibreán 2023). "‘Rugadh muid i lár na coimhlinte, ní raibh cur amach againn ar aon saol eile ach é’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-10.
  23. Méabh Ní Thuathaláin (7 Aibreán 2023). "13 bliain a bhí mé, ag dáileadh an Belfast Telegraph i ‘No-go zone’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-10.
  24. "FÍSEÁN: Cothrom an lae seo 25 bliain ó shin a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-10.

Read other articles:

Artikel ini tidak memiliki referensi atau sumber tepercaya sehingga isinya tidak bisa dipastikan. Tolong bantu perbaiki artikel ini dengan menambahkan referensi yang layak. Tulisan tanpa sumber dapat dipertanyakan dan dihapus sewaktu-waktu.Cari sumber: Comal, Pemalang – berita · surat kabar · buku · cendekiawan · JSTOR ComalKecamatanPeta lokasi Kecamatan ComalNegara IndonesiaProvinsiJawa TengahKabupatenPemalangPopulasi • Total86,467 Ji...

 

Anusha RizviLahir13 Maret 1978 (umur 46)DelhiPekerjaanSutradara film & Penulis latarSuami/istriMahmood Farooqui Anusha Rizvi (kelahiran 13 Maret 1978) adalah seorang penulis latar dan sutradara film India. Debut penyutradaraannya adalah Peepli Live.[1] Film tersebut memenangkan penghargaan Film Pertama Terbaik di festival film Durban dan penghargaan Gollapudi Srinivas.[2] Karier Anusha Rizvi menjadi seorang jurnalis setelah terjun dalam penyutradaraan film. Ia lulus ...

 

Nanosatellite IceCubeDeployment of IceCube and CXBN-2 from the International Space Station (ISS)NamesEarth-1Mission typeTechnology demonstrationOperatorNASA Goddard Space CenterCOSPAR ID1998-067LN[1]SATCAT no.42705[2]Mission durationApril 18, 2017 – October 3, 2018 (2017-04-18 – 2018-10-03) Spacecraft propertiesSpacecraft typeCubeSatManufacturerNASADry mass4 kilograms (8.8 lb)Dimensions10cm x 10cm x 30cm Start of missionLaunch dateAp...

In Cold Bloodposter AS asliSutradaraRichard BrooksProduserRichard BrooksSkenarioRichard BrooksBerdasarkanIn Cold Bloodoleh Truman CapotePemeranRobert BlakeScott WilsonJohn ForsythePaul StewartPenata musikQuincy JonesSinematograferConrad HallPenyuntingPeter ZinnerPerusahaanproduksiPax Enterprises, Inc.DistributorColumbia PicturesTanggal rilis 14 Desember 1967 (1967-12-14) Durasi135 menitNegaraAmerika SerikatBahasaInggrisAnggaran$3.5 jutaPendapatankotor$13,000,000[1] In Cold ...

 

العلاقات اللاوسية المالطية لاوس مالطا   لاوس   مالطا تعديل مصدري - تعديل   العلاقات اللاوسية المالطية هي العلاقات الثنائية التي تجمع بين لاوس ومالطا.[1][2][3][4][5] مقارنة بين البلدين هذه مقارنة عامة ومرجعية للدولتين: وجه المقارنة لاوس مالطا ال�...

 

Artikel ini sebatang kara, artinya tidak ada artikel lain yang memiliki pranala balik ke halaman ini.Bantulah menambah pranala ke artikel ini dari artikel yang berhubungan atau coba peralatan pencari pranala.Tag ini diberikan pada Oktober 2022. Demoncratic Singapore adalah sebuah strip komik satir daring karya kartunis Singapura Leslie Chew, yang dimulai pada Mei 2011. Komik tersebut diterbitkan nyaris setiap hari pada laman strip komik Facebook. Pada 9 Juni 2014, strip komik tersebut memilik...

American actor Adrian PasdarPasdar at the 2008 Comic-Con InternationalBornAdrian Kayvan Pasdar (1965-04-30) April 30, 1965 (age 58)Pittsfield, Massachusetts, U.S.OccupationActorYears active1986–presentSpouse Natalie Maines ​ ​(m. 2000; div. 2019)​Children2 Adrian Pasdar (born Adrian Kayvan Pasdar, Persian: آدریان کیوان پاسدار;[1][2] April 30, 1965) is an American film, television, and voice actor....

 

American collegiate music fraternity Phi Mu Alpha SinfoniaΦΜΑFoundedOctober 6, 1898; 125 years ago (October 6, 1898)New England Conservatory of MusicTypeSocialAffiliationPFA (former)EmphasisMusicScopeNational (United States)ObjectThe Object of this Fraternity shall be for the development of the best and truest fraternal spirit; the mutual welfare and brotherhood of musical students; the advancement of music in America and a loyalty to the Alma Mater.Member badgeColors  Re...

 

Rule in basketball In basketball, basket interference is the violation of (a) touching the ball or any part of the basket (including the net) while the ball is on the rim of the basket, (b) touching the ball when it is entirely within the cylinder extending upwards from the rim, (c) reaching up through the basket from below and touching the ball, whether it is inside or outside the cylinder, or (d) pulling down on the rim of the basket so that it contacts the ball before returning to its orig...

† Человек прямоходящий Научная классификация Домен:ЭукариотыЦарство:ЖивотныеПодцарство:ЭуметазоиБез ранга:Двусторонне-симметричныеБез ранга:ВторичноротыеТип:ХордовыеПодтип:ПозвоночныеИнфратип:ЧелюстноротыеНадкласс:ЧетвероногиеКлада:АмниотыКлада:Синапсиды�...

 

Lancia MedusaDescrizione generaleCostruttore Lancia Tipo principaleConcept car Produzionenel 1980 Esemplari prodotti1 Altre caratteristicheDimensioni e massaLunghezza4405 mm Larghezza1813 mm Altezza1263 mm Passo2790 mm AltroStileGiorgetto Giugiaro Stessa famigliaLancia Beta Montecarlo La Lancia Medusa è una concept car costruita dalla casa automobilistica italiana Lancia nel 1980 e disegnata da Giorgetto Giugiaro. Indice 1 Descrizione 2 Note 3 Altri progetti 4 Colleg...

 

Questa voce sull'argomento calciatori italiani è solo un abbozzo. Contribuisci a migliorarla secondo le convenzioni di Wikipedia. Segui i suggerimenti del progetto di riferimento. Mauro Rabitti Nazionalità  Italia Altezza 180 cm Peso 69 kg Calcio Ruolo Allenatore (ex centrocampista, attaccante) Termine carriera 1991 - giocatore CarrieraSquadre di club1 1975-1976 Sassuolo16 (0)1976-1977 Reggiana0 (0)1977-1979→  Riccione49 (9)1979-1980 Reggiana19 (5)1980-1981&...

Austrian footballer (born 1988) Daniel Beichler Beichler with Sturm Graz in 2009Personal informationDate of birth (1988-10-13) 13 October 1988 (age 35)Place of birth Graz, AustriaHeight 1.83 m (6 ft 0 in)Position(s) StrikerTeam informationCurrent team FC Liefering (caretaker manager)Youth career Grambach1996–2006 Sturm GrazSenior career*Years Team Apps (Gls)2006–2010 Sturm Graz 64 (21)2007 → Reggina (loan) 0 (0)2010–2013 Hertha BSC II 7 (2)2010–2013 Hertha BSC 1 ...

 

Gibraltar Cable CarOverviewStatusOperationalCharacterElevatedLocationGibraltar, British overseas territoryTerministart - Grand Parade[1] in town center (close to the Gibraltar Botanic Gardens)end - the top of the Rock of GibraltarOpen1966Technical featuresAerial lift typeAerial tramwayOperating speed5 m/s (16.4 ft/s) Gibraltar Cable Car (Spanish: Teleférico de Gibraltar) is an aerial tramway in Gibraltar. The base station of the cable car is located near the southern end o...

 

Type of first-level administrative division of Ukraine Oblasts of Ukraine Sea of Azov Black Sea Dnieper • Chernihiv Chernivtsi Cherkasy Dnipropetrovsk Donetsk Ivan.-Fr. Kharkiv Kherson Kyiv Kirovohrad Khmel. Luhansk Lviv Mykolaiv Odesa Poltava Rivne Sumy Ternopil Vinnytsia Volyn Zakarpattia Zaporizhzhia Zhytomyr •Sevastopol Crimea Russia Belarus Poland Slov. Hung. Romania Moldova Serb. CategoryFirst-level subdivision of a unitary stateLocation UkraineCreated27 February 1932 ...

Women's 1500 metresat the Games of the XXVII OlympiadVenueStadium AustraliaDate27 September 2000 (heats)29 September 2000 (semi-finals)30 September 2000 (final)Competitors42 from 28 nationsWinning time4:05.10Medalists Nouria Mérah-Benida Algeria Violeta Szekely Romania Gabriela Szabo Romania← 19962004 → Athletics at the2000 Summer OlympicsTrack events100 mmenwomen200 mmenwomen400 mmenwomen800 mmenwomen1500 mmenwomen5000 mmenwomen10,000 mmenwomen...

 

Untuk orang lain dengan nama yang sama, lihat Garry Moore (disambiguasi). Garry MooreMoore dengan para tamunya Marquis Chimps pada 1959LahirThomas Garrison Morfit, III[1](1915-01-31)31 Januari 1915Baltimore, Maryland, ASMeninggal28 November 1993(1993-11-28) (umur 78)Hilton Head, South Carolina, ASSebab meninggalEmfisema, kanker tenggorokanPekerjaanEntertainer, pemandu acara permainan dan komedianTahun aktif1937–89Dikenal atasThe Garry Moore Show, I've Got a SecretSuam...

 

ОАО «Соломбальский целлюлозно-бумажный комбинат» Тип Открытое акционерное общество Основание 1936 Упразднена 19 августа 2015 Расположение  Россия  Архангельск Ключевые фигуры Анатолий Драчев (генеральный директор) Отрасль Целлюлозно-бумажная Продукция Хвойная небел...

American former professional basketball player Tiny GallonGallon prepares to shoot a free throw in a game against the Texas Legends in 2015Personal informationBorn (1991-01-18) January 18, 1991 (age 33)Vallejo, CaliforniaNationalityAmericanListed height6 ft 9 in (2.06 m)Listed weight275 lb (125 kg)Career informationHigh schoolOak Hill Academy(Mouth of Wilson, Virginia)CollegeOklahoma (2009–2010)NBA draft2010: 2nd round, 47th overall pickSelected by the Milwauke...

 

シナ・チベット語族 > シナ語派 > 中国語 > 晋語 晋語 晋語/晋语話される国 中華人民共和国地域 山西省全域内モンゴル自治区中部河北省の一部河南省の一部 陝西省の一部話者数 6305万人話者数の順位 22言語系統 シナ・チベット語族 シナ語派中国語晋語表記体系 漢字言語コードISO 639-1 zhISO 639-2 chi (B) zho (T)ISO 639-3 cjy テンプレートを表示 晋語繁�...