Reáchtáladh reifreann ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, 1998[1], ceann amháin i dTuaisceart Éireann agus ceann eile sa Deisceart, ar an 22 Bealtaine 1998 (fógraíodh na torthaí an lá dár gcionn, 23 Bealtaine). Cor cinniúnach i stair na hÉireann ba ea Comhaontú Aoine an Chéasta.[2] Léiríodh sna reifrinn, "is mionlach bídeach gan tacaíocht iad atá ag dul in aghaidh thoil an phobail, thuaidh agus theas."[3]
Tuaisceart Éireann
Bhí Comhaontú Aoine an Chéasta faofa ag móramh mór sna Sé Chontae. . Vótáil 71.12% den phobail 'Tá' i dTuaisceart Éireann.[4]
Sa Phoblacht
Vótáil breis agus 94% i bhfabhar an Chomhaontaithe ó dheas.[5][6]
Tá
Níl
Tuaisceart
676.966 (71 %)
274.879 (29 %)
Poblacht
1.442.583 (94 %)
85.748 (6 %)
Iarmhairtí
i bhfianaise an reifrinn i 1998 ní féidir leis na n-easaontóirí a ndiúltú don chonradh polaitiúil ar ghlac muintir na hÉireann leis thuaidh agus theas sa reifreann; ní féidir leo a mhaíomh go bhfuil ‘dlisteanacht phoblachtánach’ acu.[7]