Tír in oirdheisceart na hEorpa is ea an Chróit, arb iar-Phoblacht de chuid na hIúgslaive í sna Balcáin. Is í Ságrab an phríomhchathair agus an chathair is mó. Bhain an tír amach an neamhspleáchas sa bhliain 1991. Is í an Chróitis an teanga oifigiúil, agus is ceann de na teangacha Slavacha Deisceartacha í.
Stair
Tháinig na treibheacha Slavacha go dtí an Phannóin agus an Dalmáit, na proibhinsí Rómhánacha, sa seachtú haois. Bhí a gcuid contaetha nó prionsachtaí beaga faoi smacht éigin ag na Frainc nó ag an mBiosáintiam. Sa bhliain 925, bhain an Chróit amach neamhspleáchas mar ríocht, ach sa bhliain 1102, thit an tír leis an Ungáir ar chúiseanna an chomharbais. Mar sin féin, choinnigh an Chróit a stádas mar ríocht ar leith, nó bhí Sabor, sórt parlaiminte nó dála, dá cuid féin aici, chomh maith le huasaicme Chrótach agus forais shochúla eile.
Tá níos mó ná 1000 oileán ag an gcósta. Bíonn ag an tír ar a meascán de lochanna, imeallbhord creagach agus coillte.
Soir ón gcósta, i lár tíre, tá na Sléibhte Dinearacha ag síneadh ó thuaidh is ó theas. Tá na sléibhte sin ag scaradh mhachaire an chósta thiar ó imchuach na hUngáire thoir. Tá an bhinn is airde sa tír suite ar an teorainn leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin agus tá sí 1, 831m ar airde. Titeann breis is 3, 500mm báistí gach bliain sna sléibhte, le hais 600 mm ar an gcósta. Is iondúil go mbíonn go leor leor sneachta sna sléibhte sa gheimhreadh, rud a mheallann lucht sciála agus lucht clár sneachta ina dtáinte.
Tá ocht gcinn de pháirceanna náisiúnta sa Chróit. Tá Páirc Náisiúnta Lochanna Plitvice ar an gceann is sine díobh agus is Láithreán Oidhreachta Domhanda í. Tá sí lán lochanna, easanna agus pluaiseanna agus cónaíonn béir, mic tíre agus go leor cineálacha éin neamhchoitianta inti.
Is ón gCróit an madra a dtugtar 'dalmátach' air. Is as cósta na Dalmáite sa Chróit don dalmátach, an madra bán atá breac le spotaí dubha. An chéad fhianaise atá againn den sórt sin madra, tá sí le fáil in olaphictiúr den 17ú haois atá ar taispeáint i mainistir sa Dalmáit
Contaetha
Tá an Chróit comhdhéanta as contae (županija) amháin is fiche. Is iad na contaetha seo a leanas.
Tá neart luthcleasaí den scoth ón gCróit. Tá gnaoi an phobail air ach go háirithe ar na foirne liathróid de bharr na torthaí maithe atá tuilte acu mar shampla sacair, liathróid láimhe, cispheil agus póló uiusce.
Sacar
Is é an sacar an spórt is mó a imrítear sa Chróit, agus tá go leor Crótach, leithéidí Luka Modrić, ag imirt le clubanna mór le rá san Eoraip.
Is é Dinamo Zagreb an t-aon club sacair cróitise a bhuaigh corn Eorpach; Corn Aonaigh idir-cathracha, a bhí ann roimh Corn UEFA sa bhliain 1967.
Tá cáil chomh maith ar an club sacair ó Split, Hajduk Split atá ar cheann de na clubanna is ráthúla sa Chróit, chomh maith leis sin d'imigh siad níos faide ná aon club eile i Sraith na gCuradh, an cheathrú cheannais.
Liathróid láimhe
Tá an-tóir ar an liathróid láimhe. Bhí foireann liathróid láimhe na Cróite mar buaiteoirí ag cluichí Oilimpeacha Atlanta agus na hAithne. Chomh maith leis sin bhuaigh siad Croabhchomórtas an Domhain sa bhliain 2003.
Póló uisce
Tá an-tóir ar an bpóló uisce freisin, agus bhí an Chróit ina curadh oilimpeach sa dá spórt sin.