Tír i dtuaisceart na hEorpa is ea an Laitvia (Laitvis: Latvija), nó Poblacht na Laitvia (Laitvis: Latvijas Republika) go hoifigiúil. Tá teorainn aici leis an Eastóin, an Rúis, an mBealarúis agus an Liotuáin. Tá An Mhuir Bhailt in aice léi freisin. Is í Ríge—an chathair is mó sna tíortha Baltacha—an phríomhchathair. Is ball den Aontas Eorpach í.
Tá beagnach naoi gcéad míle duine sa phríomhchathair. Is é aerfort Ríge an t-aerfort is mó sna tíortha Baltacha. Tá an daonra céanna ag Laitvia agus Cúige Laighin in Éirinn (1.9 milliún). Bhain an Laitvia a neamhspleáchas amach sa bhliain 1991 ón Aontas Sóivéadach, ar nós leis na poblachtaí iar-Shóivéadacha eile.
Tagairtí
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |