Ainmhí feoiliteach is ea an béar, atá scaipthe go forleathan sa leathsféar thuaidh.[1] Mamach atá ann, agus is ball d'fhine na Ursidae é, san fho-ord Caniformia an ord Carnivora. Tá speicis beo na mbéar go leor ann (spéaclach, donn, dubh Meiriceánach, dubh Áiseach, Béar gréine, panda srl).
Tréithe
Tá coirp móra ag béir le cosa mhóra is tiubh. Níl ach eireaball an-ghearr acu.
Tá súile bheaga agus cluasa chruinn is soc fada. Tá fionnadh tiubh, mosach acu go hiondúil.
Tá cúig chrúb ar gach aon cos acu a ní féidir leo a tharraing siar. Tá boladh agus éisteacht mhaith acu. Is féidir leo a bheith ina sheasamh ar a gcúl. Is féidir béir dreap agus snámh an-mhaith freisin.
Saol
Tá siad gníomhach istoíche go hiondúil (cé is moite den béar bán). Bhítí béir éigin ina gcodladh go minic le linn an gheimhridh, a chiallaíonn go gcodlaíonn siad an geimhreadh chun fuinneamh a shábháil. Is féidir go nglacfaidh sé suaimhneas ar feadh tréimhsí fada i gcaitheamh an gheimhridh, ach ní fíorgheimhriú é seo mar ní laghdaíonn teocht na colainne.
Bíonn béir uiliteach, a chiallaíonn go n-itheann siad plandaí agus feoil. Itheann siad caora, féir agus iasc. Tá béir bána eisceacht mar itheann siad feoil mórchuid na haimsire.
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).
| Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |