Maraíodh bin Laden sa bhliain 2012. Bhí Ayman al-Zawahiri i mbun Al-Qaeda idir 2012-2022.
Raison d'être
Tá al-Qaeda i gcoimhlint leis an Iarthar, agus na Stáit Aontaithe go háirithe, mar gheall ar an tacaíocht a dtugtar don stát Iosrael, cúpla réimse deachtóireachta sa Mheánoirthear, agus na bunáiteanna a bhí ag na Meiriceánaigh san Araib Shádach, an tír ina bhfuil na cathrachaMeice agus Medina suite.
Tá al-Qaeda i gcoimhlint le Moslamacha eile chomh maith, agus an dearcadh 'liobrálach' atá acu.
Sa bhliain 2004, bhunaigh Abu Musab al-Zarqawi, radacach Iordánach, Jama'at al-Tawhid wal-Jihad (nó جماعة التوحيد والجهاد).
D'athraigh sé ainm an ghrúpa níos déanaí go Tanẓīm Qāʻidat al-Jihād fī Bilād al-Rāfidayn, ("Eagraíocht Bhunáit an Jioháid sa Mheaspatáim", cé go raibh sé ní ba choitianta tagairt don ghrúpa mar al-Qaeda san Iaráic (AQI).